Puití

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Stroighin a dhéantar as púdar mín cailce nó luaidhe bhán, measctha le hola rois. Úsáidtear é chun adhmad a líonadh is gloine a dhaingniú i bhfráma. Cruann sé go mall nuair a nochtar don aer é. Is púdar mín ocsaíd stáin é púdar seodora (puití seodora) a úsáidtear chun snas a chur ar ghloine is eibhear.