Puimcín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Puimpcíní i ndiaidh a mbainte sa ghort
Síolta puimcín (aibithe)
Puimpcín a rinneadh Seán na Gealaí de i gcomhair Oíche Shamhna
Slis de phióg phuimcín

Féithleog reatha nó dreaptha atá dúchasach do Mheiriceá is ea puimcín. Is saothróga de speicis i bhfine na Cucurbitaceae iad: de Cucurbita pepo de ghnáth, ach tugtar puimcín ar shaothróga Cucurbita maxima (a bhíonn an-toirt iontu go minic) agus squaiseanna eile chomh maith. Na duilleoga maothánach bosach; na bláthanna fireanna is baineanna timpeall 12.5 cm ar trastomhas, tonnadóirchruthach; na torthaí de ghnáth cruinn, go minic an-mhór an-trom; an craiceann is an bia flannbhuí, rud beag snáithíneach, mórthimpeall ar an iliomad síolta. Saothraítear mar ghlasra é.

Úsáidtear go minic é chun laindéir Oíche Shamhna nó "Seán na Gealaí" a dhéanamh, trí choinneal a chur sa lár folmhaithe agus aghaidh a shnoí sa chraiceann chun solas na coinnle a ligean amach. Thosaigh an nós seo le tornapaí agus is féidir é a dhéanamh le hanainn freisin. Cuirtear aghaidheanna orthu le péint fosta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Puimcín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 542.