Puchán fola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Péist leata sheadánach a fhaightear mar phéist fhásta sa bhfuil i mamaigh áirithe, daoine san áireamh. Cuireann sé tús le sisteasóimiáis, galar coitianta i réigiúin thrópaiceacha. Timthriall casta beatha aige, le seilide fionnuisce mar óstach idirmheánach, agus tarlaíonn atáirgeadh neamhghnéasach sa phas san óstach sin. Fuasclaíonn an seilide na larbhaí (na cearcáirigh) i bhfionnuisce, agus ionfhabhtaíonn siad an t-óstach deireanach trína chraiceann a pholladh.