Francis Sheehy-Skeffington

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFrancis Sheehy-Skeffington

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Francis Joseph Christopher Skeffington
23 Nollaig 1878
Coill an Chollaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Aibreán 1916
37 bliana d'aois
Beairic Chathal Brugha Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, gníomhaí ar son cearta vótála, Easparantóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileHanna Sheehy-Skeffington Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteOwen Sheehy-Skeffington Cuir in eagar ar Wikidata

Ba gníomhaí cearta daonna agus síochánaí Éireannach ó Choill an Chollaigh i gContae an Chabháin a bhí go mór ar son ceart vótála do mhná é Proinsias Mac Síthigh-SceimhealtúnFrancis Sheehy-Skeffington i mBéarla (23 Nollaig 1878 – 26 Aibreán 1916).

Spréach sé leis na héagóracha follasacha a bhí ann ag an am. Bhain íoróin nach beag leis nuair a cuireadh i bpríosún go héagórach é, íospartach neamhchiontach san aighneas 1916, agus dúnmharaíodh é.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba chéimí é de chuid UCD agus reachtaire ar Chumann L&H, COBÁC. Ba chara é le James Joyce, Oliver St. John Gogarty, Tom Kettle, agus athair Conor Cruise O'Brien.

Hanna Sheehy i 1916 sna Stáit Aontaithe

PhósHanna Sheehy sa bhliain 1903 agus ghlac sé lena sloinne ina ainm féin. Tugadh Skeffy air scaití.

Bóthar Ráth Maonais Throid Sheehy Skeffington go tréan chun cearta vótála mná a fháil in Éirinn; bhunaigh sé an foilseachán "The Irish Citizen" lena bhean chéile.[1][2]

Dúnmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúnmharaíodh Sheehy Skeffington le linn Éirí Amach na Cásca. Gabhtar é ar 25 Aibreán 1916 in Portobello. Níor ghlac Sheehy Skeffington aon pháirt san éirí amach. Bhí grúpa daoine á chruinniú aige ag an am chun cosc a chur ar chreach siopaí agus gnóthaí.

Coimeádadh siar faoi choinneáil é agus, ar deireadh, lámhachadh é ag saighdiúirí na Breataine faoi threoir J.C. Bowen-Colthurst, captaen (cinneadh a tharraing trioblóid air níos déanaí).[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Watkins, Sarah-beth.. "Irelands suffragettes - the women who fought for the vote.". OCLC 1023177652. 
  2. "Bóthar Ráth Maonais Íochtarach/Rathmines Road Lower" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-04-26.
  3. "UCD - DEICH MBLIANA - Decade Of Centenaries" (en). Scribd. Dáta rochtana: 2020-04-24.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]