Printéir roth nóinín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Saghas printéir thuinseamhaigh a bhíodh in úsáid choiteann i gcórais ríomhaire is clóscríobháin, ina n-iompraítear gach carachtar ar leith ar pheiteal ar leith de dhiosca atá roinnte i dteascáin (an roth nóinín). Rothlaítear an roth nóinín chun an carachtar cuí a chur faoin gcasúr buailte. Printéir réasúnta mall, ach dhéanadh sé cló ardchaighdeáin.