Praiseach bhuí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda bliantúil garbh giobach, a fhásann 30-80 cm ar airde. Faightear sa chuid is mó de na réigiúin mheasartha í. Na duilleoga fiaclach maothánach, na bláthanna buí croischruthach, an capsúl sorcóireach fadghobach. Gaolta le mustard, agus d'fhástaí mar ghlasra duilleach í tráth, ach anois is fiaile dhíobhálach ar thalamh curaíochta í.