Príomh-Oifig Staidrimh na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaPríomh-Oifig Staidrimh na hÉireann
(ga) An Phríomh-Oifig Staidrimh
(en) Central Statistics Office Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálseirbhís staitistiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Ghaeilge agus Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1 Meitheamh 1949
Gníomhaíocht
Limistéar oibriúcháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deInternational Statistical Institute (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Cuid deCóras Staidrimh na hÉireann
Córas Staidrimh na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincso.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: CSOIreland Twitter: CSOIreland Instagram: csoireland Youtube: UCL7InUd1be6r0Yl1BfHa5Pg Cuir in eagar ar Wikidata

Is gníomhaireacht rialtais í Príomh-Oifig Staidrimh na hÉireann atá freagrach as an daonáireamh náisiúnta i bPoblacht na hÉireann. Ina theannta sin bailíonn sí a lán staidrimh eile chun cabhair a thabhairt don rialtas. Chuir an tAcht Staidrimh 1993 an ghníomhaireacht go hoifigiúil i mbun, chun an uimhir oifigí a bhfuil staidrimh á bhailiú acu a laghdú. Tá an oifig freagrach don Taoiseach, agus tá a ceanncheathrú suite i gCorcaigh.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá stair fhada ag staitisticí na hÉireann. Cuireadh tús sa chéad leath den 19ú haois le staitisticí a choinneáil, mar shampla:

  • Daonáireamh cuimsitheach deichbhliantúil ó 1841;
  • Daonáireamh Talmhaíochta bliantúil ó 1849;
  • Staitisticí pósta ó 1845;
  • Staitisticí breitheanna agus básanna ó 1864.

Tar éis bhunadh Saorstát na hÉireann i 1922, bunaíodh Brainse Staitisticí sa Roinn nua Tionscail agus Tráchtála trí chónascadh ar na brainsi seo:

  • Brainse Staitisticí agus Intleachta a bhí ann ó 1900 in Iar-Roinn Tionscail agus Treoir Theicniúil na hÉireann;
  • Brainse Staitisticí agus Faisnéise (bunaithe i 1919) de Roinn na hÉireann den Aireacht Saothair i Londain.

Bhí an Brainse Staitisticí seo freagrach as formhór staitisticí oifigiúla na hÉireann a chur le chéile suas go Meitheamh 1949 nuair a aistríodh é go dtí an Príomh-Oifig Staidrimh (ar a dtugtar an CSO de ghnáth as Béarla) agus bunaíodh mar oifig ar leith í. Bhí an Oifig nua seo lonnaithe i Roinn an Taoisigh le neamhspleáchas na seirbhíse staitisticí a chinntiú.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]