Prásáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Nascadh dhá phíosa miotail (is cuma an miotail dhifriúla nó an miotal céanna iad) trí iad a théamh is an bhearna eatarthu a líonadh le cóimhiotal le leáphointe níos lú ná leáphointe na miotal atá á nascadh. Bíonn gá le flosc de ghnáth chun go nascfaidh an cóimhiotal seo leo. Cosúil le sádráil, ach in alt sádráilte ní bhíonn fórsaí móra meicniúla le cur ar an alt (mar shampla, i gciorcaid leictreonacha), agus in alt prásáilte bíonn an t-alt an-láidir, in ann fórsaí móra a iompar.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Prásáil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 535.