Port Arthur, Texas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is cathair í Port Arthur atá suite in Jefferson County, Texas sna Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá daonra de 57,755 aici, de réir daonáirimh Mheiriceá na bliana 2000.

Suíomh agus Stair Phort Arthur [athraigh]

Tá Port Arthur suite ar bruach thiar Sabine Lake, agus déanann an Rainbow Bridge, a théann thar Ábhainn Neches, nasc idir í agus Bridge City, Orange County. Is é Arthur Edward Stilwell a chuir an chathair ar bun ag deireadh na naoú haoise déag agus ba é Port Arthur croílár an líonra scaglann ola ba mhó riamh ag am áirithe.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.