Portán talún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Johngarthia lagostoma (Gecarcinidae), ar Oileán na Deascabhála. Is é an t-ainmhí talún dúchasach is mó ar an oileán é.

Fíorphortáin is ea iad na portáin talún a áitríonn an talamh. Tá cuid mhaith díobh i bhfine na Gecarcinidae. Análaíonn portá talún trí gheolbhaigh a choinnítear fliuch le seomra atá déanta as imill a bhlaoisce. Itheann sé torthaí a thiteann chun talún, splíonach, is dríodar eile. Filleann sé ar an bhfarraige le pórú is do luathfhorbairt na larbhaí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Portán talún". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 534.