Poll sa chiseal ózóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I 1985 thug na heolaithe faoi deara den chéad uair go raibh poll sa chiseal ózóin os cionn an Antartaigh, thart ar an Mol Theas. B'ábhar iontais is imní an sonrú seo, ach ní raibh a fhios ag an am ar tharlú tréimhseach, sealadach, teoranta, buan nó leathnaithe a bhí i gceist. Ní raibh ach tuairimí ann ar cén fáth a dtitfeadh a leithéid amach. Leanadh leis na turgnaimh na blianta ina dhiaidh sin, agus leathadh iad ar fud an Domhain. De réir a chéile fuarthas amach go raibh an poll seo beagán tréimhseach, níos measa san earrach, ach gur lean sé i rith na bliana. Fuarthas amach freisin nach raibh sé teorannaithe don Antartach ar aon chuma, ach a bheag nó a mhór os ár gcionn go léir. Mar shampla, sa taobh seo den Domhan tháinig laghdú timpeall 8% ar an oiread ózóin os ár gcionn i 1979-1990. Meastar go raibh sé laghdaithe 15% i 2000. Sa chomhthéacs seo, is é a chiallaíonn poll sa chiseal ózóin ná laghdú sa tiúchan ózóin sa chiseal leathan sin den atmaisféar. I gcás laghdú 15% san ózón os ár gcionn, meastar go ligfí 30% níos mó den radaíocht dhochrach ultraivialait-B isteach ná i 1979. Muna gcuirtear an próiseas laghdaithe seo ar mhalairt treo beidh an bheatha ar Domhan, daoine ina measc, thíos leis.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Poll sa chiseal ózóin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 532.