Polaroid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Trádainm ar ábhar i bhfoirm scannáin a shaothraigh an fisicí Meiriceánach Edwin Land i 1938. Leathán dathaithe plaisteach is ea é, agus cuirtear faoi straidhn inteannta é. Ailíníonn sé seo a mhóilíní polaiméireacha ionas go dtarchuireann sé solas atá polaraithe i dtreo amháin is nach dtarchuireann aon solas atá polaraithe sa treo atá ar dronuillinn leis an treo tarchurtha, agus go n-ionsúnn an solas seo. Úsáidtear an t-ábhar seo i ngloiní gréine chun dalladh ó sholas frithchaite ó dhromchlaí mórthimpeall (polaraithe sa bhfrithchaitheamh sin) a mhaolú, agus in ionstraimí éagsúla optúla. Trádainm ar chóras grianghrafadóireachta láithrí a shaothraigh Land freisin chun pictiúir dhubha is gheala (1947) agus dhaite (1963) a tháirgeadh. Déantar an scannán a phróiseáil le ceimiceáin shlaodacha i gcochaill a chomhtháitear leis taobh istigh den cheamara (nó i meaisín scoite) díreach tar éis a nochta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Polaroid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 531.