Clóiríd pholaivinile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Polaiviniolclóiríd)
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachClóiríd pholaivinile
Substaint cheimiceachtype of polymer (en) Aistrigh
Ainm gearrPVC agus ПВХ
Struchtúr ceimiceach
Airí
Dlús1.39 g/cm³ (a 20 °C, solad) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe leáite200 °C Cuir in eagar ar Wikidata

An tríú polaiméir phlaisteach shintéiseach is mó a tháirgtear ar domhan (i ndiaidh poileitiléine agus polapróipiléine) is ea clóiríd pholaivinile[1][2] (mar mhalairt air sin: i gcóras AIGCF pola(1-clóireitiléin ) Déantar thart ar 40 milliún tonna de CPV a tháirgeadh gach bliain. Bíonn dhá fhoirm bhunúsacha ag CPV: dolúbtha (giorraithe uaireanta mar CPVD) agus solúbtha. Úsáidtear CPV, sé sin an fhoirm dholúbtha, san fhoirgníocht le haghaidh píopaí agus in go leor feidhmeanna praiticiúlaeile amhail doirse agus fuinneoga a mhonarú. Úsáidtear í freisin chun buidéil, pacáistiú neamhbhia, leatháin cumhdaigh bia, agus cártaí a dhéanamh (mar shampla cártaí bainc nó ballraíochta). Is féidir í a dhéanamh níos boige agus níos solúbthaí trí phlaisteachán a chur leis, agus is iad na taláit na cinn is mó a bhaintear úsáid as. San fhoirm seo, úsáidtear í freisin i bpluiméireacht, insliú cábla leictreach, leathar bréige, urláir, comharthaíocht, ceirníní,[3] táirgí inséidte, agus go leor feidhmeanna ina gcuirtear í in ionad rubair..[4] Le cadás nó línéadach, úsáidtear í i dtáirgeadh chanbháis. CH2=CHCl

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Poly(vinyl chloride)" (en-US).
  2. "Poly(Vinyl Chloride)".
  3. Barton, F.C. (1932 [1931]). Victrolac Motion Picture Records. Journal of the Society of Motion Picture Engineers, April 1932 18(4):452–460 (accessed at archive.org on 5 August 2011)
  4. W. V. Titow (31 December 1984). "PVC technology": 6–. Springer.