Polaipeiptíd fuileadánghníomhach stéigeach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Polaipeiptíd le 28 aimíonaigéad, a fuarthas den chéad uair i stéig muice, ansin i mamaigh eile. Meastar gur néaratharchuradóir de shaghas NANC í a rialaíonn sreabhadh na fola, táil stéigeacha is fhaireogacha, agus scíth na matán mín (sna haerbhealaí go háirithe). I láthair ag tiúchan an-ard sa phéineas daonna, agus is féidir go bhfuil baint aici ansin lena ardú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Polaipeiptíd fuileadánghníomhach stéigeach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 530.