Polaigéin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Géin le hiarmhairt éadrom, a fheidhmíonn i gcomhar le cuid mhaith géinte eile. Feictear athruithe i dtréithe de dhá chineál, athruithe scoite nuair a thiteann an tréith go soiléir i rang amháin nó eile (mar shampla, grúpaí fola A nó O) agus athruithe cainníochtúla nuair a bhíonn an tomhas de réir scála leanúnaigh gan ranganna scoite (mar shampla, airde). Bíonn tréithe cosúil leis an gceann deireanach seo faoi rialú polaigéinte.