Poitéinsiméadar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gléas tábhachtach chun difríocht poitéinsil leictrigh a thomhas go cruinn nó a rialú. Cuirtear difríocht poitéinsil atá ar eolas i bhfeidhm ar feadh sreinge fada aonfhoirmí (go minic i lúbanna) le bataire, agus úsáidtear tadhall sleamhnáin chun aon chodán is gá den difríocht iomlán poitéinsil a shampláil. Úsáidtear poitéinsiméadair i gciorcaid leictreonacha, agus mar rialaitheoir fuaime i raidió is gléasanna fuaime eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Poitéinsiméadar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 529.