Poibleog Lombardach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crann de chlann na bpoibleog, le géaga a shíneann suas is mullach caol colúnach difriúil aige. Ainmnithe as plandaí a tháinig ar dtús ó thuaisceart na hIodáile a tugadh isteach sa Bhreatain is in Éirinn san 18ú céad. Is fireannaigh an chuid is mó ar fad de na crainn. Seasann siad i gcoinne truailliú an aeir, agus déantar iad a phlandáil go minic taobh le bóithre is aibhinní.