Poblacht Dhaonlathach an Chongó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilPoblacht Dhaonlathach an Chongó
République démocratique du Congo (fr) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnDebout Congolais Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Justice – Paix – Travail»
«Justice – Peace – Work»
«Справедливост - мир - труд»
«Cyfiawnder - Heddwch - Gwaith» Cuir in eagar ar Wikidata
Siombail oifigiúilOkapia johnstoni Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósAn Congó Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 2°54′S 23°42′E / 2.9°S 23.7°E / -2.9; 23.7

PríomhchathairKinshasa Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán86,790,567 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús37.01 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deLár na hAfraice Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla2,344,858 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce3.3 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMount Stanley (en) Aistrigh (5,109 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn tAigéan Atlantach (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síAn tSáír Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 30 Meitheamh 1960Republic of the Congo (Léopoldville) (en) Aistrigh
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas Phoblacht Dhaonlathach an Chongó Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint Phoblacht Dhaonlathach an Chongó Cuir in eagar ar Wikidata
• President of the Democratic Republic of the Congo (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataJoseph Kabila (en) Aistrigh (2001–2019) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire Phoblacht Dhaonlathach an Chongó Cuir in eagar ar WikidataIlunga Ilunkamba Sylvestre (en) Aistrigh (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil55,350,968,593 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadrafranc an Chongó Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.cd Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+243 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála113, 114 agus 118 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreCD Cuir in eagar ar Wikidata
Craitéar agus tithe in aice leis an gcathair úd Goma in oirthear an Chongó. Tá Loch Kivu sa chúlra.

Is í Poblacht Dhaonlathach an Chongó ceann de na tíortha is mó san Afraic (tugadh 'Zaire' uirthi faoi réimeas Mobutu, 1965–1997).[1]

"The Crime of the Congo" le Arthur Conan Doyle, 1909[2]

Ritheann abhainn an Chongó tríd an tír.

Is í Kinshasa príomhchathair na tíre.

Iarchoilíneacht de chuid na Beilge is ea Daon-Phoblacht an Chongó (Kinshasa) agus iarchoilíneacht de chuid na Fraince is ea Poblacht an Chongó (Brazzaville).

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coilíneacht de chuid na Beilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí spéis mhór ag comhlachtaí na Beilge i mianraí an Chongó le fada an lá. Bhíodh an tír i seilbh Léopold II, rí na Beilge ar feadh na mblianta 1887 - 1908.[3][4]

Príomhalt: Saorstát Congo

Ar an 2 Feabhra 1904, foilsíodh tuairisc Ruairí Mhic Easmainn um ainghníomhartha na mBeilgeach sa Chongó.

Sa bhliain 1909, foilsíodh tuairisc eile le Arthur Conan Doyle.

Neamhspléachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1960, d'éirigh an Bheilg as an gCongó. Thar thír ar bith eile san Eoraip, is féidir a rá gur beag an iarracht a bhí déanta ag Rialtas na Beilge pobal na tíre a chur i riocht an tír a rialú[5]. Ba thubaisteach agus b'fhuilteach an toradh a bhí ar an teitheadh seo ag an mBeilg as an gcoilíneacht.

Deich lá tar éis don Chongó neamhspleáchas a bhaint amach, bhí an cúige ba shaibhre, Katanga, ag fógairt gur stát neamhspleách é faoi cheannas Mhoise Tshombe. D'iarr Rialtas an Chongó faoi Phatrice Lumumba cabhair ar na Náisiúin Aontaithe chun an tír a choimeád ina aonad.

Cuireadh údaráis agus saighdiúirí de chuid na Náisiún Aontaithe go dtí an Congó[6] - saighdiúirí de chuid na hÉireann orthu ar maraíodh cuid acu ag Niemba.

Nuair a chuir na Náisiúin Aontaithe chun oibre sa Chongó, tháinig an Bhreatain, an Fhrainc agus an Bheilg ar chomhthuiscint faoi choinníoll a leag Stáit Aontaithe Mheiriceá síos - nach mbeadh aon troid ann idir fórsaí na Náisiúin Aontaithe agus arm na Beilge a bhí ag cabhrú le Tshombe agus nach mbeadh brabach ag na Cumannaithe as imeacht na mBeilgeach. Dar leis na trí rialtas, b'ionann sin agus 'ná cuirtear isteach ar Tshombe'. Nuair a dúirt Lumumba nach raibh sé sásta, agus go n-iarrfadh sé ar an Rúis teacht i gcabhair ar Rialtas an Chongó, bhí deireadh le réim Lumumba.

Faoin uair a bhí Katanga sásta géilleadh gur chuid den Chongó é, mar sin, ní raibh aon dream náisiúnta polaitiúil fágtha sa Chongó: bhí buíonta polaitiúla treibheacha ann, agus an ceann ba mhó, faoin gceannaire ba mhó tacaíocht i Londain, i bPáras, sa Bhruiséil agus in Washington, D.C., Moishe Tshombe. Sin mar a chuaigh sé i réim in áil Lumumba.

Le linn an chogaidh, maraíodh Lumumba agus nuair a bhí deireadh leis an troid bhí Tshombe ina Phríomh-Aire ar an gCongó.

Réabhlóid Simba, 1963-1965[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí trioblóidí eile sa Chongó san seascaidí (agus níos déanaí). Ach trí chomhoibriú idir an tUachtarán Kasavubu, Tshombe, an Bheilg, agus S.A.M., cuireadh an réabhlóid "Simba" (1963-1965) faoi chois.

Cuireadh Antoine Gizenga i bpríosún ar feadh tamall. Fuair sé tacaíocht ó Eagraíocht um Aontas na hAfraice[7], a bhí ag iarraidh deireadh a chur le tionchar lucht tionscail agus airgid na Beilge sa Chongó. Ach sa bhliain 1965, rug Sese Seko Mobutu greim ar rialú na tíre nuair a chuir sé Kasavubu agus Tshombe as oifig i gcoup d'état.

Zaire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Zaire nó an tSáír a thugtaí ar an tír i réimse an cheannaire Mobuto Sese Seko (1965–1997).[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Zaire" (as en) (2021-07-26). Wikipedia. 
  2. "The Crime of the Congo" (as en) (2021-03-24). Wikipedia. 
  3. John-Paul McCarthy. "Focail Fhiáine" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-11-08.
  4. Breandán M Mac Gearailt. "Léiriú a thuill bualadh bos gan choinne sa phictiúrlann…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-11-08.
  5. Ó Cléirigh, Padraic - Léargas ar Stair na Linne 2 (An Gúm)
  6. military.ie (2017-11-19). "Dún Uí Choileáin Músaem | Músaeim Óglaigh na hÉireann | Ionad Eolais | Home". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-19. Dáta rochtana: 2021-07-27.
  7. "Why did the OAU fail to bring about a solution in the Congo Crisis? – IRM" (en-US). Dáta rochtana: 2020-05-25.