Planda feoiliteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ascaid thrópacach (Nepenthes lowii). Itheann sí feithidí a ghabhann i ngaiste sa chrúsca chomh maith le bualtrach an túpáí.[1]

Is é rud is planda feoiliteach ann ná planda a ghabhann ainmhithe, de ghnáth feithidí is inveirteabraigh bheaga, agus a thálann einsímí díleáite chun an chreach a dhianscaoileadh ionas gur féidir leis an bplanda na torthaí iarmharacha a ionsú. Tugtar planda ascaideach feithiditeach ar a leithéid freisin. Fásann sé i gcomhshaolta atá easnamhach ó thaobh cothaitheach, agus forlíonann an bia a fhaightear ón gcreach, an nítrigin orgánach go háirithe, na bianna a fhaightear trí fhótaisintéis. Tháinig an gnás feoiliteach chun cinn go neamhspleách i ngrúpaí neamhghaolta, i measc na ndrúchtíní, na n-ascaidí, na leitheanna is lusanna an bhoraigh. Cruthaítear na gaistí i gcónaí as duilleoga mionathraithe, uaireanta le tréithe neamhshimplí. Sna cásanna is simplí a fhaightear i leitheanna, bíonn an gaiste cumhdaithe le hábhar slaodach agus greamaíonn an fheithid ann. I ndrúchtíní, gluaiseann ribí fada greamaitheacha inghluaiste agus fiú an duilleog féin mar fhreagairt ar choimheascar na creiche agus filleann í. Cumann duilleoga na n-ascaidí gaistí feadánacha nó crúiscínchruthacha lán de leacht ina mbáitear an chreach roimh a díleá. Is féidir leis na cinn is mó creimirí beaga a ghabháil. Go minic bíonn na crúiscíní gealdaite, agus faireoga meala ar an dromchla istigh chun na hainmhithe a aomadh i dtreo creasa míne snasta claonta. Níos doimhne, bíonn an dromchla cumhdaithe le ribí a ghobann amach is a chuireann cosc ar éalú na creiche. Is neamhshimplí freisin na gaistí faoi uisce a bhíonn ar lusanna an bhoraigh a shúnn an chreach isteach, agus is mórthaibhseach amach is amach cuilghaiste Véineas ina bhfuil meicníocht truicearaithe a spreagann na gaistí, cosúil le gialla, chun dúnadh anuas ar an gcreach.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Tree shrew lavatories: a novel nitrogen sequestration strategy in a tropical pitcher plant" (2009). Biology Letters 5 (5): 632–635. doi:10.1098/rsbl.2009.0311. PMID 19515656. 
  2. Hussey, Matt (2011). "Planda feoiliteach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 524.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]