Plaça de Catalunya, Barcelona

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
La Plaça de Catalunya.

Is cearnóg mhór í an Plaça de Catalunya (nó La Plaça Catalunya, leagan oifigiúil eile i gCatalóinis) i gceartlár Barcelona. Deirtear nach í lár na cathrach amháin í ach áit a dtagann an tseanchathair (féach Barri Gòtic agus Raval sa Ciutat Vella) agus an Eixample (cathair a tógadh sa 19ú haois) le chéile.

Tagann cuid de na sráideanna agus na hascaillí is tábhachtaí le chéile ag an Plaça de Catalunya: Passeig de Gràcia, Rambla de Catalunya, La Rambla nó Portal de l'Àngel, in éineacht le 'La Ronda de Sant Pere', 'Carrer de Vergara' agus 'Carrer de Pelai'.