Plé úsáideora:Gaelmise

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Haigh, a Ghaelmise, agus tá fáilte romhat chuig an Vicipéid! Go raibh maith agat as do chuid dréachtaí a sheoladh isteach. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as do chuid ama anseo! Tá sé éasca ailt nua a chruthú (mar atá 'fhios agat cheana!), agus téigh go dtí an Halla Baile chun caint leis na Vicipéideoirí eile (más mian leat é sin a dhéanamh), nó téigh go dtí an Lárionad Comhphobail chun breathnú ar na heachtraí Vicipéide is déanaí. Tá breis eolais fóinteach in ár reamhrá, freisin.

Más é do thoil é, sínigh do chuid theachtaireachtaí ar leathanaigh phlé le ceithre thilde a chlóscríobh; ciallaíonn sé sin go hionsáfar d'ainm úsáideora agus an dáta go huathoibríoch. Má tá cabhair ag teastail uait, féach ar Vicipéid:Cabhair, nó cuir ceist ormsa nó ar na heagarthóirí eile ar ár leathanaigh phlé. Uair amháin eile, fáilte romhat! SeoMac (talk) 20:33, 1 Deireadh Fómhair 2014 (UTC)[reply]

Abhacphláinéad vs. mionphláinéad[athraigh foinse]

Haigh, a Ghaelmise! Chonaic mé an iomaí athrú a rinne tú inniu ag tosnú le Plé:Eris (abhacphláinéad). Seo a scríobh tú ar an leathanach úd:

Abhac - Dwarf.
Easaontím le úsáid Abhac i gcomhair 'Dwarf' san comhthéacs seo. Is ag cloí leis an focal sa Bhéarla seachas an brí atá ag dul leis atá sé. Mura raibh fhios agat go mbíonn 'Dwarf' in úsáid i mBéarla chun cur síos a dhéanamh ar rud éigin atá beag, ní bheadh ciall leis an phrása.
Molaim 'Mionphláinéad' a úsaid ina áit.

Tuigim má’s fearr leat “mionphláinéad”. Ní aontaím leat nach ndéanann “abhac” (ná “fathach” ach oiread, is dócha) ciall i nGaeilge i gcásanna mar seo. Tá sé sothuigthe agus tá samhlaíocht bheo ann. Ní hé seo an áit, áfach, leis an cheist sin a phlé. Níl cead againn ár gcuid téarmaí féin a chumadh anseo.

Níl aon údaras le “mionphláinéad” go bhfios domh. Úsáidear an téarma ó am go ham i gcomhar “asteroid” – sin atá i bhfoclóir Uí Dhónaill, mar shampla. (Ní thaitníonn sé sin liomsa agus tá súil agam gur thig linn an téarma a sheachaint! Tá “astaróideach”, aidiacht, in úsáid.) B’fhéidir go bhfuil téacsleabhair nó eile amuigh ansin ina bhfuil mionphláinéad ar “dwarf planet” ach d’ámharc mé ar achan acmhainn atá ar fáil agamsa agus níor tháinig mé ar oiread is cás amháin de.

“Abhacphláinéad” atá i ngach áit. Sin a thugann Foclóir.ie i gcomhar “dwarf” i gcónaí má’s réalteolaíocht atá i gceist. Mar shampla, abhac-Cheifid (dwarf Ceiphid). Agus é seo: fo-abhac (subdwarf). (Uaireanta is é an aidiacht abhcach a thugann siad.)

Nuair a scrios tú “abhacphlainéad” de Vicipéid, thug mé fá deara, scrios tú téacs a scríobh beirt arbh’fhéidir linn a ghlacadh mar scríbhneoirí údarásacha, mar atá Matt Hussy (in Nóva, sílim) agus Panu Hogland.

Dar liom féin, caithfidh muid do chuid athruithe a chealú. Molaim do dhíograis ach sin is cúis lena lán oibre anois. Thosaigh tú ar an bhealach cheart—do bharúil a chur ar leathanach plé. Ba chóir ceist a phlé ar dtús má’s dócha go mbeadh athruithe fairsinge le déanamh agat/againn dá bharr. SeoMac (talk) 04:31, 15 Samhain 2014 (UTC)[reply]


SeoMac, a Chara Tá sé ráite agat nach bhfuil aon údaras ag mionphlainéad toisc nár féidir teacht ar an focal sin i bhfoclóir, níl fáil ar abhacphláinéad in aon foclóir ach oiread, sé an t-aon áit gur féidir teacht ar an tearma sin ná anseo ar Vicipéid. Níl se i ngach ait mar a duirt tú. Sé an pointe atá agam ná, ní bheadh abhachphláinéad curtha ar an rud ach amháin mar aistrúcháin díreach ón Bhéarla, ní rud nadúrtha é sa Ghaeilge Abhac a úsáid le chur in iúl gur rud beag atá ann. Nuair atá tú ag iarraidh é sin a chur in iúl, go hiondúil is mion a bheas in úsáid. Mar a tharlíonn sé, tá teacht ar Mionphláinéad ar focloir.ie faoi Minor Planet. Creidim féin go bhfuil an tearma sin níos fearr agus níos nádúrtha i nGaeilge. Ach mura bhfuil glacadh leis, ni bheadh aon rud eile déanta agam faoi. Gaelmise (talk) 16:43, 17 Samhain 2014 (UTC)[reply]

A Ghaelmise,
Thosaigh mé ag cur na hathruithe a rinne tú leis an téarma "abhacphláinéad" a chur ar cheal. Níl cead againn téarmaí atá in úsáid a bhaint den Vicipéid agus téarmaí dár gcuid féin a chur ina n-áit. "Abhac" atá ag Foclóir.ie, mar is eol duit, ar "dwarf" i gcomhthéacs na réalteolaíochta agus "abhacphláinéad" atá á mholadh acu—chuaigh mé i gcumarsáid leo faoi. "Abhacphláinéad" atá in úsáid ag daoine—sin a roghnaigh Panu Hogland anseo ag Vicipéid agus ar a bhlag féin. Agus in atá sin Fréamh an Eolais: Ciclipéid Eolaíochta agus Teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim. Mar is eol duit, freisin, tá ciall eile ceangailte le "mionphlainéad". Beidh cuid dena léitheoirí trína chéile agus dhá chiall ceangailte in úsáid. SeoMac (talk) 23:00, 18 Samhain 2014 (UTC)[reply]