Plé úsáideora:Eoghanmaccormaic

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Glór na nGael - ceanneagraíocht Ghaeilge[athraigh foinse]

Bunaíodh Glór na nGael i 1961 le tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí pobail a bhí ag cur na Gaeilge chun cinn, tríd comórtas a bhunú idir grúpaí pobail. I measc na mbunaitheoirí bhí an tAthair Tomás Ó Fiaich agus an tAthair Pádraig Ó Fiannachta, beirt ball de Chumann na Sagart. San am i láthair tá Glór na nGael maoinithe ag Foras na Gaeilge mar cheanneagraíocht. Tá freagrach ar leith ag Glór na nGael i bhforbairt na Gaeilge i measc teaghlach, i measc grúpaí pobail agus san earnáil ghnó. Tá gné comórtais fós le feiceáil in obair Ghlór na nGael. Eagraíonn siad comórtas pobail, agus comórtas do chumainn Ghaeilge sna coláisti Tríú Leibhéal. Tá gné idirnáisiúna d'obair Ghlór na nGael lena scém 'Global Gaeilge' agus ó 2014 tá comhoibriú leis an Chumann Lúthchleas Gael lena tionscnamh Turas Teanga. Foilsíonn Glór na nGael roinnt cluichí, ina measc an leagan Gaeilge de Scrabble. I 2015 d'fhoilsigh Glór na nGael an chéad leagan Gaeilge den chluiche Monopoly.

Monopoly as Gaeilge[athraigh foinse]

Foilsíodh an chéad leagan Gaeilge den chluiche Monopoly i Mí Márta 2015. Glór na nGael a d'fhoilsigh an cluiche