Plé:Tiarach

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

A Ghulio, níor dheineas ach Gaelainn do chur ar an alt Béarla. Mura bhfuil sé go maith, athraigh an t-alt Béarla leis... Ciarán 12:36, 13 Lúnasa 2007 (UTC)[reply]

Tuigim. Chuir mé an teimpléad "Glanadh" i bhfeidhm mar: (1) Níl na hÍomhánna atá nasctha ina naisc bhailíoch ("red links" atá ann), (2) Tá catagóir ag teastáil, (3) Tá "naisc inmheánacha" ag teastáil (MS: Chicago, NY, Bhrasaíl, srl), agus (4) Tá cúpla míreanna eile a bhfuil "Wikification" ag teastáil uathu.
D'iarraigh mé "An jóc é seo" mar cheapaim gur ábhar an ait é don vikipéid :) No offence intended :) Guliolopez 13:54, 13 Lúnasa 2007 (UTC)[reply]
Sea, tá sé ait, ach cheapas go raibh sé greannmhar, mar san d’aistríos é. Tá alt ar an ábhar céanna le fáil i mórán teangacha eile: féach ar na naisc. Féach ar na teangacha eile, mar shampla : [[1]] . Cad 'na thaobh nach mbeadh an rud céanna le fáil i nGaelainn?

Ciarán 18:48, 13 Lúnasa 2007 (UTC)[reply]

Haigh arís. Why so defensive? :) (Lig do scíth) Ní dúirt mé nach bhfuil an alt "cuí" chun bheith anseo. I just asked if it was a joke. My intent wasn't to suggest that it didn't belong. Nor did I express that. Seachas é a glanadh in áiteanna, tá fáilte roimh ailt iomchuí! Guliolopez 19:08, 13 Lúnasa 2007 (UTC)[reply]
Of course the article is welcome here! Conas a d'fhéadfadh aon duine a mhalairt a thabhairt le fios? Is é an t-aon locht a fhaighim féin ar an leagan Gaeilge ná go bhfuil blas Ghaeilge na Mumhan an-láidir air, agus is é mo thuairim féin gur chóir cloí leis an gCaighdeán in altanna nach bhfuil dlúthbhaint acu le ceantar Gaeltachta ar leith nó le cúige ar leith de chuid na hÉireann. Cé go bhfuil mé féin i mo chara mór canúnachais i mo shaol Gaeilge taobh amuigh den Vicipéid, tá mé cineál drochamhrasach faoi aon iarracht canúnachas a thabhairt isteach anseo, ós rud é go bhfuil drochthaithi agam air mar rud. Mar shampla, is é an fhadhb a bhí agam leis an alt faoi Chorcaigh ná gur scríobh duine éigin an chéad leagan i nGaeilge uafásach nach raibh ceart de réir aon chanúna gan aon trácht a dhéanamh ar an gCaighdeán, agus nuair a d'athscríobh mé an chuid ba mhó den alt sa Chaighdeán, d'athraigh an t-anonymous contributor seo ar ais é (bhí sé fíor-anonymous más buan mo chuimhne, ní raibh ann ach an seoladh IP), ionas go ndearnadh praiseach de. Sílim gurbh í an tsiocair a bhí aige leis an drochobair sin ná gur theastaigh uaidh an "chanúint cheart" a bheith ann, ach le fírinne b'fhada ó aon cheart an phraiseach a d'fhág an diabhal ina dhiaidh. - Ná ceapaigí go bhfuil mé ag lochtú Ghaeilge Chiaráin, is follasach go bhfuil an chanúint go paiteanta aige. Mar sin féin, tá cineál issues phrionsabálta agus phraiticiúla agam in aghaidh an chanúnachais, má thuigeann sibh. Foghlaimeoirí iad an chuid is mó againn, agus má theastaíonn uainn na foghlaimeoirí a chur i dtreo na dea-Ghaeilge, is é mo thuairim gur chóir go bhféadfaidís a bheith ina mhuinín gur Gaeilge chaighdeánach amháin atá sna haltanna a fuair an snas deireanach uaimse nó ó chainteoir líofa eile. Panu Petteri Höglund 21:52, 13 Lúnasa 2007 (UTC)[reply]
Halló. I was defensive because it took me quite a lot of time translating the article! A Phanu, tuigim do thuairim. Más mian leat m’alt a chaighdeánú, dein é. Fuaireas an focal "tiarach" ar fhóram Gaelainne. Bhí an focal "bídeog" ann leis. Níor chualas aon fhocal Gaelainne ar ’thong’ roimhe ach iad. Cár fhoghlaimís-se ’scriosán’? Nílim cinnte go dtuigim é. An é an focal ’scrios’ atá i gceist? Cad ’na thaobh? An bhfuil focail eile agat ar ’thong’? Táim cinnte go gcuirfir feabhas ar an alt so, agus go bhfoghlaimeod cupla focal ann :-)
Ciarán 18:02, 15 Lúnasa 2007 (UTC)[reply]