Plé:Seán mac Cuinn Ó Néill

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Plé:Seán Ó Néill)

Táim beagnach cinnte gur Seán a tugadh air mar thóg mé an chuid is mó den eolas a chuir mé féin isteach anseo ón leabhar Seán Ó Néill le Darach Ó Scolaí, Leabhar Breac 2000, ISBN 1898332118. (Daithimac 17:52, 11 Bealtaine 2006 (UTC))[reply]


Tá an ceart agat gurb ionann é mar ainm agus Seán, ó thaobh na sanasaíochta de. Is amhlaidh, áfach, gur mar "Séan" a d'fhuaimnítí in Oirthear Uladh é. Mar sin, cé acu is fearr: Seán (an fhoirm nua-aimseartha den ainm céanna), Seaghán (an litriú stairiúil) nó Séan (an fuaimniú i nGaeilge Oirthear Uladh)?

B'fhearr liomsa Seán freisin. Ach tuigim gur féidir le daoine bheith ar an dá bharúil, ar a laghad. Panu Petteri Höglund 20:59, 11 Bealtaine 2006 (UTC)[reply]

Ní dóigh liom go bhfuil aon fhianaise ann don fhuaimniú "Séan". Sílim gur mar "Shan" agus ní mar "Shane' a scríobhadh ainm an Niallaigh i mBéarla lena linn féin. Ní lena linn féin a tugadh Seán an Díomais nó Shane the Proud air, ach ina dhiaidh. "Seán Donghaileach" a tugadh air lena linn féin mar gheall ar a dhlúthbhaint le muintir Dhonnghaile, an teaghlach a raibh sé ar altramas acu.