Plé:Oideachas trí mheán an Bhéarla

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An téarma oifigiúil é "Meán-Béarla" sa Ghaeilge? Níl sé ag cloí leis an ngramadach ar a laghad. Thairis sin, is féidir é a thógáil in ainriocht "Meán-Bhéarla", is é sin, Middle English (an cineál Béarla a bhí á scríobh ag Chaucer). Panu Petteri Höglund 17:51, 5 Feabhra 2007 (UTC)[reply]

Leis an ngramadach a cheartú, ba mhaith liom an leathanach seo a athainmniú go "Oideachas trí mheán an Bhéarla". Tuairimí? [

[Úsáideoir:Panu Petteri Höglund|Panu Petteri Höglund]] 12:23, 10 Feabhra 2007 (UTC)


Éóg1916Éóg1916 22:08, 24 Feabhra 2007 (UTC) Tá an ceart agat a Phainiu, go raibh maith agat.

I bPáipéar Faisnéise ar mholtaí POBAL faoi Acht na Gaeilge do Thuaisceart na hÉireann Samhain 2006, tá seo a leanas; "Teagasc na Gaeilge mar ábhar i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna meán Béarla", agus friesin tá seo a leanas; "Forbairt agus leorsholáthar réimse ábhar a thacódh le Gaeloideachas agus le teagasc na Gaeilge mar ábhar, agus forbairt agus leorsholáthar réimse seirbhísí taca de chineál na seirbhísí taca atá ar fáil ag páistí san oideachas meán Béarla."


Ceist chasta is ea é. Mar sin féin, b'fhearr liom gan Gaeilge na dteileagram cosúil le "Meán-Béarla" a fheiceáil, ós rud é go bhfuil sé chomh héasca é sin a thógáil in ainriocht "Meán-Bhéarla". Panu Petteri Höglund 22:09, 26 Feabhra 2007 (UTC)