Plé:Mutter Courage und ihre Kinder

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Mura bhfuil fíorstáitsiú ná aistriúchán Gaeilge déanta riamh, b'fhearr liom teideal Gearmáinise a chur ar an alt seo agus an teideal a aistriú sa téacs féin. Panu Petteri Höglund 19:31, 5 Meitheamh 2006 (UTC)Tabhraim cead duit an tainm a aistriú má cheapann tú go mbeidh sé níos oiriúnaí i Gearmáinis. Rinne tú athscríobh cuimsitheach ar an t-alt, nílim cinnte go raibh gá leis an méid sin athscríobhnóireacht.DaithíÓ 20:41, 5 Meitheamh 2006 (UTC)[reply]

A Dhaithí. Labhróidh mé go cneasta leat anois. Caithfidh tú a thuiscint nach bhfuil tú in ann Gaeilge cheart a scríobh. Má tá aon duine leis an gciclipéid seo againn a ghlacadh dháiríre, ní mór féachaint chuige go mbeidh Gaeilge cheart ann. Panu Petteri Höglund 00:29, 6 Meitheamh 2006 (UTC)Tá tú ag chuir díomá ar daoiní a bhfuil fonn orthu chur leis an tógra seo mar gheall ar do 'pedantiscism'. Ní chun tairbhe éinne go háirithe an tógra é an meoin seo.DaithíÓ 07:43, 6 Meitheamh 2006 (UTC)[reply]

Caithfidh tú a thuiscint gur ceird inti féin í an Ghaeilgeoireacht agus go bhfuil a dóigh féin ar an gceird seo ar nós gach ceird. Is namhaid í an cheird gan í a fhoghlaim. An bhfuil tú dáiríre den bharúil go gcaithfí glacadh le hábhar nach mbeadh inghlactha ar aon iris Ghaeilge, in aon leabhar Gaeilge, in aon choimhthéacs Gaeilge? Tá mé tar éis súil a chaitheamh ar go leor eagrán eile den Vicipéid, agus siúd is go mbíonn a gcuid lochtanna féin orthu, tá siad ag iarraidh cloí le caighdeán éigin.

Má theastaíonn uait an Ghaeilge a chur chun cinn, ní stopfaidh mise ná aon duine eile thú ón obair sin. Ach ní mór duit an teanga a fhoghlaim i gceart, Níl na rialacha gramadaí ná an ceartlitriú ann le frustrachas a chur ortsa. Tá siad ann toisc gurb é sin an dóigh a scríobhtar agus a labhraítear an teanga. Má tá tú den bharúil gur féidir na rialacha sin a chaitheamh i dtraipisí, ceart go leor, ach bíodh a thuiscint agat nach í an Ghaeilge a bheidh agat ansin, ach teanga de do dhéantús féin.

Má theastaíonn uait an Ghaeilge a bheith go paiteanta agat, caith súil anseo: [1]. Tá na leabhair sin agam, tá siad uilig léite agam, agus bhí mé á mbailiú fiú nuair a bhí mé beagnach ar an mblár fholamh le bochtanas. Ní dhearna mé é le lagmhisneach a chur ortsa ná ar aon duine eile, ach le teann urraime don Ghaeilge agus do mhuintir na Gaeltachta. Leosan an teanga thar aon dream eile, agus is é an cuspóir atá agam ná an chiclipéid seo a dhéanamh chomh foirfe agus nach mbeidh ábhar lochta acusan uirthi nuair a thiocfaidh siad anseo ar lorg eolais ina dteanga féin. Ní bheidh tusa ná aon duine eile ach ag déanamh fonóide fúthu agus faoina dteanga, mura mbacfaidh sibh len í a fhoghlaim mar a scríobhann na scríbhneoirí dúchasacha í. Má tá tú dáiríre faoin teanga a chur chun cinn, ní rachaidh sé thar fóir ort an deichiú cuid de na leabhair sin a léamh le léargas ceart a fháil ar an teanga. Mura bhfuil tú dáiríre faoin teanga, ná bac léi. Fág faoin gcuid eile againn í, muidne atá dáiríre píre.Panu Petteri Höglund 09:39, 6 Meitheamh 2006 (UTC)[reply]