Plé:Máirtín Ó Cadhain

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.


Ábhar breise anseo thíos, le sníomh isteach sa phríomalt de réir a chéile.[athraigh foinse]

éirí as scríobh murach seán o héigeartaigh

Ó thaobh a éifeachta ar phobal a linne b’fhéidir é a chur i gcóimheas lenar tharla i gcás Séadna i dtús na hathbheochana. D’fhág sé go raibh Ó Cadhain aitheanta anois mar dhuine de mhórscríbhneoirí na hÉireann. Agus cheana féin bhí cáil na troda agus na bríomhaireachta air i measc léitheoirí toisc léachtaí a thug sé ar an litríocht (‘Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás?’ in Feasta, Samhain 1949) agus ar an mbéaloideas (in Feasta, Márta 1950).

Tá cuntas ar a bheatha in ''Máirtín Ó Cadhain: clár saothair'', 1975 le Titley agus in De ghlaschloich an oileáin: beatha agus saothar Mháirtín Uí Chadhain, 1987 leis an tSr Bosco Costigan, i gcomhar le mac a dheirféar, Seán Ó Curraoin. Ina leabharsan chuir Costigan agus Ó Curraoin athchló ar chuid bheag dá léachtaí agus dá litreacha, chomh maith lena ráiteas féin ar a cháilíochtaí nuair a bhí sé ag cur isteach ar ollúnacht na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Tá a thuilleadh dá scéalta is aistriúcháin, dá léachtaí, dá chomhfhreagras, dá léirmheasanna agus de léirmheasanna a scríobhadh ar a shaothar cnuasaithe ag Seán Ó Laighin in Ó Cadhain i bhFeasta, 1990. B’fhéidir a rá gur dírbheathaisnéis liteartha ‘Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca’, 1969. Léirmheas ar a shaothar is ea Cadhain Aonair, 1987 le Gearóid Denvir. Tá léachtaí a thug Breandán Ó hEithir, Alan Titley, Gearóid Ó Tuathaigh, Gearóid Denvir agus Louis de Paor ar ghnéithe dá shaothar, dá pholaitíocht agus dá mheon le fáil in Léachtaí Uí Chadhain, 1989 in eagar ag Eoghan Ó hAnluain. Is é Roinn na Nua-Ghaeilge, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a thionscnaigh Léacht Uí Chadhain i 1980 mar fhóram poiblí a bhéarfadh caoi athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe de shaol is de shaothar an Chadhnaigh go háirithe is de litríocht na Nua-Ghaeilge go ginearálta. D’fhoilsigh Comhar mórchuid aistí faoi agus chuir móreagráin speisialta amach i Samhain 1970 agus i Nollaig 1980. Is léir ar Comhar: innéacs 50 bliain 1942–1991, 1992 le Máire de Grás nár fhoilsigh an iris sin an líon céanna alt faoi aon duine eile. Tá aistí Proinsias Mac Aonghusa, Aindrias Ó Gallchóir. Rolf Baumgarten agus Seán Ó Ríordáin in Scríobh 3, 1978 in eagar ag Seán Ó Mórdha agus tá ann freisin an dá chaint a chraol sé 11 agus 18 Bealtaine 1952 faoi na teidil ‘Páipéir Bhreaca’ agus ‘Páipéir Bhána’. D’fhoilsigh Cumann Merriman leabhrán Bhreandáin Uí Eithir, Thar Ghealchathair Soir, 1973 a bhaineann le caidreamh Uí Eithir ar an gCadhnach. D’fhoilsigh Comhar Teoranta aistí léirmheastóireachta Dhiarmuid Uí Ghráinne, An Dá Mháirtín, 1990. Liostaíonn Titley na taifid fuaime agus na scannáin. Craoladh i nDeireadh Fómhair 1981 scannán Sheáin Uí Mhórdha, There goes Cré na Cille. Foilsíodh Caiscín: altanna san Irish Times 1953/56, 1998, arna gcur in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh; Criostalú: aistí ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain, 1998, in eagar ag Cathal Ó hÁinle agus Faoi rothaí na gréine: amhráin as Conamara a bhailigh Máirtín Ó Cadhain, 1999, in eagar ag Ríonach Uí Ógáin. Tá gan amhras neart eolais nár foilsíodh cheana in Ag Samhlú Troda:Máirtín Ó Cadhain 1905-1970, 2002, le hAindrias Ó Cathasaigh. In Studies, Fómhar 2008, tá an t-alt ‘’Racism and Xenophobia in Máirtín Ó Cadhain’s Cré na Cille’ le Brian Ó Broin. In Bliainiris 9, 2009, tá aiste le Mícheál Briody: ‘Is fearr an tAighneas ná an tUaigneas: Máirtín Ó Cadhain agus bailiú an bhéaloidis’. ‘Saothar Mháirtín Uí Chadhain’ ba ábhar do Léachtaí Cholm Cille 2006 agus foilsíodh na léachtaí in Saothar Mháirtín Uí Chadhain: Léachtaí Cholm Cille xxxvii, 2007, in eagar ag Máire Ní Annracháin. Rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a shaothair agus Eoghan Ó hAnluain agus Liam Mac Cóil ina n-aíonna ann agus cuireadh leagan de i gcló é in Scríbhneoirí faoi Chaibidil, 2010, in eagar ag Titley.

An 13 Feabhra 1906 a lá breithe de réir a theastais breithe. Is dóigh gur thart faoin am sin a cláraíodh an bhreith ach gur in Eanáir 1905 a rugadh é. Deir Costigan agus Ó Curraoin gurbh in Eanáir 1905 a rugadh é de réir an taifid baiste. Is léir ón bhfianaise atá ag a mhuintir gurbh ar 4 Eanáir 1906 a rugadh é agus nárbh i 1905 mar a chreid a bheathaisnéisithe. Is é a deir muintir Uí Chadhain: (1) gur chreid Máirtín féin agus a dheartháireacha agus a dheirfiúracha gurbh in Eanáir 1906 a rugadh é agus gur cinnte gurbh acusan is fearr a bheadh an t-eolas (2) gur léir ar Leabhar na mBaistí sa Spidéal gurbh ar 4 Eanáir i mbliain 1906 a rugadh é (3) gur saolaíodh an chéad leanbh a bhí ag tuismitheoirí Mháirtín ar 25 Feabhra 1905 (Cáit a fuair bás go hóg), rud a fhágann soiléir nach in Eanáir 1905 a rugadh Máirtín (litir ó nia Mháirtín, Seán Ó Cadhain, thar ceann a mhuintire, 21 Samhain 2004).


D’aistrigh sé go dtí scoil ar an gCarn Mór ar 22 Feabhra 1932. Bhí sé an-ghníomhach in obair Chumann na Gaeltachta (a bunaíodh 7 Iúil, 1934) agus go háirithe san obair a bhain le talmhaithe a aistriú go dtí [[an Mhí. Chuir sé craobh de Chonradh na Gaeilge ar bun agus toghadh é ina bhall den Choiste Gnó i 1935. Tar éis go raibh sé ar dhuine de scata a ghabh an Garda Síochána i Meitheamh 1936 bhris a bhainisteoir, an Canónach P.S. Ó Móráin , as a phost é toisc baint a bheith aige leis an IRA.

I mBaile Átha Cliath dó bhíodh Tomás Bairéad ag tathant air bheith ag scríobh agus chrom sé ar Idir Shúgradh agus Dáiríre, 1939 a chur ar fáil. Bhí sé ina oifigeach earcaíochta ag an IRA, é ina rúnaí ar Chomhairle an Airm tamall, ina thimire ag Conradh na Gaeilge tamall agus ansin ina ardrúnaí ag an bhFáinne. Bhíodh sé ag múineadh i ranganna Ard-Chraobh an Chonartha. Tuairim an ama seo d’fhoghlaim sé Breatnais ó John Ellis Caerwyn Williams, fear a dtugadh sé ceachtanna Gaeilge dó. Bheadh sé ina ilteangach ar ball agus na teangacha Ceilteacha, an Fhraincis, an Spáinnis, an lodáilis, an Gheanmáinis agus an Rúisis ar eolas aige.


Bhí móin á stocthiomsú i bPáire an Fhionnuisce toisc ghéarchéim an Chogaidh Mhóir agus fuair sé obair ansiúd nuair a scaoileadh saor é. Bhí scéim ag an Roinn Oideachais chun focail a bhailiú agus iarradh ar Mháirtín cúram a dhéanamh de Ghaeilge Chonamara. Thosaigh sé ag scríobh in Comhar agus is ar an gcuma sin a chuir sé aithne ar Sheán Ó hÉigeartaigh. Chuaigh sé isteach mar aistritheoir i Rannóg an Aistriúcháin, Teach Laighean, 12 Márta 1947.


Bhuaigh an t-úrscéal Athnuachan duais an Chlub Leabhar ag Oireachtas 1951. Ní raibh sé sásta go bhfoilseofaí é agus thug ar ais an duais. Bhí sliocht de i gcló in Feasta, Samhain 1951 agus sliocht eile in Oghma 5, 1993. Dar le nóta san iris sin go raibh ar intinn ag iontaobhaithe Uí Chadhain an t-úrscéal ina iomláine a fhoilsiú go luath.

Foilsíodh Cois Caoláire, an tríú cnuasach gearrscéal uaidh, i 1953. Bhí colún san Irish Times aige ó 1953 go 1956. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Ghael Linn i 1953 ach ba ghairid go raibh sé ag easaontú le pearsana agus le feidhmiú polasaithe na heagraíochta.

Thosaigh brú fola ag cur as dó i 1952. Ní raibh saol an státseirbhísigh ag réiteach leis. Chuir Seán Ó hÉigeartaigh coiste beag ar bun chun post ollscoile a chuardach agus thosaigh sé ar 2 Feabhra 1956 mar léachtóir i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide. Nuair a d’aistrigh David Greene go hInstitiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath i 1967 chuaigh sé i gceannas na roinne agus teideal ollaimh aige. Ceapadh ina Ollamh le Gaeilge é i 1969.

Cailleadh a bhean ar 20 Deireadh Fómhair 1965. Bhí sí ina hoide i Scoil Lorcáin, Baile na Manach, ó bunaíodh í. ‘I gcónaí bhí Máirín mar thaca cródha aige agus ní labhartar fúithi ach an focal molta is airde. Ina bandia a bhí sí ag na naíonáin i Scoil Lorcáin, agus ba fhonnmhar a ghlac siad leis an nGaeilge uaithi.... Bhí cáil na féile agus na flaithiúlachta uirthi, agus thuill sí meas an uile dhuine’ (Costigan agus Ó Curraoin). Ag 3 Gairdíní na Gréine, Dartraí, a bhí cónaí ar an lánúin.

In Scríobh 3 tá mionchuntas ag Proinsias Mac Aonghusa (‘Máirtín Ó Cadhain: fear cúise ar bhealaí conspóideacha’) ar an bpáirt a ghlac sé in agóidí agus feachtais agus ar an dúthracht a chaith sé ag iarraidh Fianna Fáil go háirithe a náiriú. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Mhisneach i 1963 agus bhí ina threoraí acu. An bhliain dár gcionn bhí sé go mór i gcoinne fheachtas na síniúchán (‘Let the Language Live’). Ba chuid de chur i gcéill na gluaiseachta oifigiúla é, dar leis. Sular cuireadh amach Páipéar Bán an rialtais i dtaobh athbheochan na Gaeilge d’éirigh leis cóip a fháil go neamhdhleathach agus cibé ócáid phoiblíochta a bhí beartaithe a lot. Bhí baint aige le hagóid Mhisneach i dtaobh cearta teanga i Ráth Chairn. Thacaigh sé le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus rinne canbhasáil dá n-iarrthóir i dtoghchán na Gaillimhe Thiar i Meitheamh 1969. Ar 11 Aibreán na bliana céanna tharraing sé aird na hÉireann ar a mhéid ab fhuath leis féin agus a chairde polasaithe Fhianna Fáil i leith na teanga: chuir siad isteach go borb giorraisc ar óráid an Aire Pádraig Ó Fachtna ag Éigse Uí Dhoirnín in Óstán ‘Derryhale’, Dún Dealgan. Ar 23 Meán Fómhair na bliana dár gcionn, tamall gairid sula bhfuair sé bás, bhí sé páirteach san agóid a rinneadh in aghaidh dhúnadh Scoil Dhún Chaoin. Sna seacht mbliana deireanacha dá shaol scríobh sé paimfléid chonspóideacha: Irish above politics, 1964 (ailt in The Gaelic Weekly i dtaobh an Choimisiúin um Athbheochan na Gaeilge); Mr Hill: Mr Tara, 1964; An Aisling, 1966—dúshlán cheiliúradh Iubhaile Órga 1916 a spreag é lena scríobh; Gluaiseacht na Gaeilge: gluaiseacht ar strae, 1970.

Ba mhinic i ngleic le daoine é sna colúin chomhfhreagrais. Sa scannán ‘There goes Cré na Cille’ rinneadh an cur síos seo ar a mhodh argóna: ‘Ba dá nádúir an buille feille, mar mheas sé, a fhreagairt le criogbhuille. Níor dhéine ar an LFM [Language Freedom Movement] é ná ar an Gaeilgeoir a bhí ag loiceadh. Níor chosaint gaol, dáimh, muintreas ná caradas nuair a spadharfadh Máirtín Ó Cadhain’. Is mar seo a chuir Seán Ó Ríordáin síos air: ‘Ní cosaint na cúise a mhodh oibre ach ionsaí ar an namhaid’ (Irish Times 5 Samhain 1970). Agus dúirt Breandán Ó hEithir in Thar ghealchathair soir: ‘Is iomaí sin duine, mar shampla, a chuaigh i ngleic leis sna nuachtáin nár thógtha orthu a mheas go raibh seirbhís rúnda éigin ag obair sa tír ab éifeachtaí go mór fada ná an Brainse Speisialta’.

Bás nó Beatha, 1963, aistriúchán ar leabhrán a scríobh Saunders Lewis ar an riocht ina raibh an Bhreatnais, an t-aon leabhar a tháinig uaidh i rith na mblianta 1954–66. Meastar gurbh í an obair i gColáiste na Tríonóide faoi deara sin. Os a choinne sin, ba throime fós an t-ualach a bhí le hiompar aige sna blianta deiridh dá shaol: riarachán na Roinne, an chuairt sheachtainiúil ar Choláiste na Ríona, Béal Feirste, mar aoi-léachtóir, cibé dualgais a bhain le bheith ina scrúdaitheoir seachtrach in Ollscoil na hÉireann. Mar sin féin is i rith na tréimhse sin a tháinig uaidh an dá chnuasach gearrscéal, An tsraith ar lár, 1967, a bhuaigh Duais an Bhuitléaraigh dó, agus An tsraith dhá tógáil, 1970. Agus géilltear gur saothar tábhachtach litríochta is ea ‘Páipéir bhána agus páipéir bhreaca’, 1969. Tuairimítear gurb é bás a mhná faoi deara an bhroid oibre seo go léir agus an fáth ar éirigh sé míchúramach i dtaobh a shláinte. D’éag sé ar 18 Deireadh Fómhair 1970 agus cuireadh é i reilig Mount Jerome. Scríobh Seán Ó Ríordáin go luath ina dhiaidh sin: ‘Creidim go bhfuil an scríbhneoir ba mhó in Éirinn lena linn imithe agus duine den triúr fear ba mhó.’

D’fhág sé gan foilsiú péire úrscéal, Athnuachan agus Barbed wire, agus ábhar ilchineálach. Foilsíodh an séú cnuasach gearrscéalta in 1977, An tsraith tógtha. D'fhoilsigh Coiscéim an t-úrscéal Athnuachan in 1995. Foilsíodh dhá shaothar eile leis in 2002: Barbed Wire, in eagar ag Cathal Ó Háinle agus An Ghaeilge Bheo—Destined to Pass, in eagar ag Seán Ó Laighin. Deirtear ar chlúdach Barbed Wire: ‘Dúirt an Cadhnach féin gurb é a bhí in Barbed Wire “aoir ar an saol comhaimseartha in Éirinn”. Saothar is ea é ina ndéanann sé magadh faoi phearsana is eagrais de chuid na linne sin agus ina nochtann sé cuid de na hábhair machnaimh ba spéis leis féin.’ Deir Seán Ó Laighin i mbrollach an dara leabhair: ‘Is é atá sa scríbhinn seo ná an chéad dréacht de thionscadal mór ar thug Máirtín Ó Cadhain faoi in 1962/63. Rianaigh sé an stair a bhain le meath na Gaeilge, chomh maith le staid na teanga agus na Gaeltachta mar a bhí siad le linn dó a bheith ag scríobh.’ I mBéarla atá trian den leabhar.


Ó Cadhain, Máirtín by Cathal Ó Háinle Ó Cadhain, Máirtín (1906–70), republican, creative writer, and academic, was born 4 January 1906 at An Cnocán Glas, Spiddal, Co. Galway, second born and first surviving child among seven sons and six daughters of Seán Ó Cadhain, farmer, and Bríd Ní Chonfhaola, farmer's daughter, both of Co. Galway, who were married on 21 February 1904. He received his primary education in Spiddal boys' national school and (after the completion of the normal course there) was retained by the principal teacher as an apprentice teacher or ‘monitor’ until 1924, when having won a King's scholarship (for the second time), he entered St Patrick's College, Drumcondra, to train as a primary teacher. He graduated in July 1926.

He spent short periods teaching in Daighinis and in Galway city, where he attended university and was awarded a diploma in education in May 1927. Later that year, he was appointed principal teacher in Camas, Co. Galway, from whence he transferred to An Carn Mór, Co. Galway, in 1932. He had already enlisted in the IRA and become commanding officer of the Camas company, and in 1930 was elected chairman of the West Connacht branch of the INTO. In An Carn Mór he continued to engage in republican activities; was active in an organisation called ‘Muintir na Gaeltachta’ which he helped to found in 1934; founded a branch of the Gaelic League in An Carn Mór; and in 1935 was elected to the Central Committee of the League. His republican activity led to his dismissal from the principalship of An Carn Mór school (1936), to his imprisonment in Arbour Hill barracks (1939), and to his internment in the Curragh camp (April 1940–July 1944).

During his internment Ó Cadhain was engaged in various educational projects on behalf of his co-internees, including lecturing on history, teaching Irish, and publishing a journal. He also busied himself with learning Russian and improving his command of French, with reading widely in Irish and European literature and literary criticism, and with creative writing in Irish. In the 1930s he had published four important collections of folklore from his native area in Béaloideas, the journal of the Folklore Society of Ireland, had produced (1932) a translation into Irish of Charles Kickham's (qv) novel Sally Kavanagh, and had published (1939) a collection of short stories, Idir shùgradh agus dáirìre. It was with his second collection of short stories, An braon broghach (1948), which contained a number of stories that he had written while interned, that Ó Cadhain began to emerge as a significant creative writer whose study of literature during his internment had had a profound impact on his imaginative and intellectual development. In 1949 his important novel, Cré na cille, was published and was followed in 1953 by a third collection of short stories, Cois Caoláire, which contains several excellent stories and demonstrates his command of many kinds of material and technique. In the meantime he had produced a further novel, Athnuachan, which he declined to publish, though it was awarded the Club Leabhar prize for a novel in the Oireachtas literary competition of 1951; it appeared in print (ed. Breandán Ó Doibhlin) in 1995. For the remainder of the 1950s he appears to have lost his creative urge, though he contributed a regular column to the Irish Times from 1953 to 1956. Then in 1962 he published a long satirical essay in the journal Comhar on individuals and institutions who were failing, in his view, in their duty to the Irish language. This created a furore, and when he submitted four further essays in a similar vein they were rejected by the journal. He proceeded to rewrite them as a long prose work, to which he gave the title Barbed wire and in which by lavish use of intertextuality he established a frame of reference in European and earlier Irish literature, and in a number of sections discussed advances being made in the biological sciences and problems of time and history. This work failed to win a prize at the Oireachtas literary competition of 1964 and the comments of the adjudicators greatly offended Ó Cadhain. Barbed wire (ed. Cathal Ó Háinle) was published in 2002.

Ó Cadhain's republicanism was no merely theoretical matter, but was informed by his awareness of the imperative need to improve the lot of the rural poor, particularly that of his own people in the Gaeltacht, and of the perilous condition of the Irish language. This led to his active participation in efforts to improve social conditions in the Gaeltacht through Muintir na Gaeltachta, to his becoming in the 1960s the guiding light of an organisation called ‘Misneach’ which through agitation sought to bring pressure on the state to take its duties to the Irish nation seriously, and to his crucial engagement with the political campaign of the movement for Gaeltacht civil rights, ‘Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta’ in the later 1960s. He launched bitter verbal assaults on individual politicians and attacked the system in print in scores of letters to the papers and in a series of pamphlets, Irish above politics (1964), Mr Hill: Mr Tara (1964), An aisling (1966), and Gluaiseacht na Gaeilge: gluaiseacht ar strae (1970).

In the meantime he had returned triumphantly to creative writing and had published his fourth collection of short stories, An tsraith ar lár (1967), in which several of the pieces reveal his ongoing search for new approaches to his craft and his ability to offer fresh insights into life and human nature. For this book Ó Cadhain was awarded the Irish-American Cultural Institute's Butler prize of £2,000. Stimulated by this recognition, he published in 1970 a fifth collection of short stories, An tsraith dhá tògáil, which contains a number of bleak and powerfully disturbing stories of urban alienation and failure of personal relationships. His final collection of short stories, An tsraith tógtha, was published posthumously in 1977. Though it contains a few stimulating pieces, it seems not to have benefited from the kind of careful rewriting to which Ó Cadhain submitted the work published in his lifetime.

After his release from internment in 1944, Ó Cadhain earned a living in a variety of menial employments until 1947, when he was appointed to a junior civil service post in Rannóg an Aistriúcháin, the translations section of Dáil Éireann. On the strength of his reputation as a creative writer in Irish and of his unparalleled command of the language, he was appointed (1956) to a lectureship in the school of Irish at TCD. When David Greene (qv) resigned from the chair of Irish (1967) Ó Cadhain applied for the post but was refused and was instead appointed to an associate professorship in the school and to the headship of department. In that year too he accepted an appointment to a visiting professorship in the department of Celtic at QUB. In 1969 he was appointed to the chair of Irish in TCD, and was elected to fellowship of TCD in 1970. As a lecturer he exercised a profound influence on many of his students, particularly those to whom his radicalism appealed. Among the small number of academic papers that he published, his lecture ‘Béaloideas’, delivered to Cumann na Scríbhneoirí and published in Feasta in March 1950, is a trenchant critique of certain attitudes to folklore; his striking writer's testament ‘Páipéir bhána agus páipéir bhreaca’ (1969) offers a vibrant self-assessment; while his lecture in the Radio Éireann Thomas Davis series on the Gaelic League (delivered 1969; published 1972) and his lecture to the Welsh Academy's ‘Taliesin’ Congress (delivered 1969; published in Literature in Celtic countries (ed. J. E. Caerwyn Williams) 1971) treat of aspects of modern writing in Irish. A collection of material published by Ó Cadhain in the journal Feasta was published as Ó Cadhain i bhFeasta (ed. Seán Ó Laighin) in 1990; the essays in his column in the Irish Times were published under the title Caiscín (ed. Aindrias Ó Cathasaigh) in 1998; and a collection of material published by him in the journal Comhar was published as Caithfear éisteacht (ed. Liam Prút) in 1999.


Alan Titley, Máirtín Ó Cadhain: clár saothair (1975); an tSr Bosco Costigan and Seán Ó Curraoin, De ghlaschloich an oileáin (1987); Aindrias Ó Cathasaigh, Ag samhlú troda (2002)

http://dib.cambridge.org/quicksearch.do


http://irsm.org/firsca/irscna/IRSN/IRSNissue%202.pdf

http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=750

tuilleadh eolais[athraigh foinse]

http://www.feasta.ie/2003/eanair/alt5.html

Aistriúchán ar a shaothair[athraigh foinse]

‘Níos fearr ná Cré na Cille?’ – cnuasach Béarla de ghearrscéalta Uí Chadhain le foilsiú

Scríofa ag Tuairisc.ie air 26th November 2019. Catagóir: Litríocht, Náisiúnta, Nuacht.

Dé Máirt, Samhain 26 2019 ag 5:40 am

Tá cnuasach de ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain le foilsiú i mBéarla ag Yale University Press an bhliain seo chugainn.

Foilseofar gearrscéalta an Chadhnaigh i mBéarla mar chuid de chlár aistriúcháin Chló Iar-Chonnacht, ar leo na cearta do shaothar an mhórscríbhneora as an Spidéal i gConamara.

Foilsíodh le déanaí mar chuid den chlár uaillmhianach céanna, The Dregs of the Day, aistriúchán Alan Titley ar an nóibhille Fuíoll Fuine.

Tá leaganacha Gearmáinise agus Spáinnise de Fuíoll Fuine le foilsiú go luath chomh maith.

Maidir le cnuasach gearrscéalta Uí Chadhain, deir Míchéal Ó Conghaile, stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht go gcabhróidh na haistriúcháin le cur ar a súile do phobal an Bhéarla agus an domhain “cé chomh maith” agus atá scéalta an Chadhnaigh, caoga bliain tar éis a bháis.

“Measann go leor léirmheastóirí gur fearr a chuid gearrscéalta fiú ná Cré na Cille!” a deir Ó Conghaile.

Cuireadh suim mhór sna leaganacha Béarla de mhórshaothar an Chadhnaigh Cré na Cille a foilsíodh cúpla bliain ó shin – The Dirty Dust le Alan Titley agus Graveyard Clay le Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson.

Tá Cré na Cille aistrithe chuig go leor teangacha eile le tamall de bhlianta anuas chomh maith agus cuirfear leaganacha Gréigise agus Rúisise ar fáil an bhliain seo chugainn. Sa bhliain 2021 a fhoilseofar an leagan Araibise den úrscéal iomráiteach.

Foilsíodh in 2015 aistriúchán Béarla Louis de Paor agus Lochlainn Uí Thuairisg ar An Eochair, ceann de ghearrscéalta móra an Chadhnaigh. Tá leagan Gearmáinise agus Seicise ar na bacáin chomh maith.

I measc na n-aistritheoirí a chuir Béarla ar na scéalta sa chnuasach de ghearrscéalta Uí Chadhain atá le foilsiú ag Yale University Press an bhliain seo chugainn, tá Alan Titley, Úna Ní Chonchubhair, Lochlainn Ó Tuairisg, Louis de Paor agus Katherine Duffy.

Idir an dá linn, eagrófar seimineár lae faoi ghearrscéalta Uí Chadhain an fómhair seo chugainn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Deir lucht eagraithe an tseimineáir sin, OÉG agus Cló Iar-Chonnacht, go mbeidh fáilte go dtí an 1 Feabhra roimh thairiscintí páipéir 20-25 nóiméad nó painéil chainte faoi ghné ar bith de ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain.


Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain 1905 - 1970 le Aindrias Ó Cathasaigh (Coiscéim 2002)

                                                                                                Deireadh léite agam faoi dhireadh . Tá mé ag tochailt go mall trí saothar litríocht Mháirtín ach de réir a chéile tá mé ag teacht faoi draíocht a scribhinní phoilitiúla chomh maith . Go háirithe nuair a chím nach dtrasnaíonn siad ar a chéile riamh sa mhéid is nach mbeadh fhios agat gur an duine chéanna a scríobh iad.
                                                                                                            Tá Ó Cathasaigh ina shoisialach/Mharcsach  (sílim) agus shíl mé go mbeadh an dath aeo ar an leabhar . Ach, a chothrom a thabhairt dó ní hé, cé nach gceileann sé a dhearcadh pearsanta. Is mór agam a mhíníneacht is a chruinneas is a bheachtaíocht  i leith na fíricí mar is eol dúinn iad. Is mór agam a aird oibiachtúlil agus a shíorcheistiú ar an tátal i dtaobh saol is beatha Mháirtín  atá suas i measc scoláirí eile, na Mór is na Maithe.
                                                                                                       Sílim go bhfuil taighde úr anseo, cé go bhfuil iomaí tagairt do thaighde agus barúlacha daoine eile. Ní leasc leis a chomhscoláirí a bheachtú leis an tsúil chéanna a chaitheann sé ar Mháirtín . Tá mé gafa agus tógtha ag a chíoradh géar ceanndána ar an ábhar.

Déanann sé cur síos ar shóisialachas dúchasach Mháirtín go tuineanta. Fear a rugadh i mbochtanas, ach a raibh aigne ainilíseach géar aige a chonaic an saol áitiúl mar a bhí sé bunaithe ar aicmí agus na lochtaí a bhí ann. Níor thaobhaigh sé meánscoil riamh ach fuair sé scoláireacht go Coláiste bunmhúinteoireachta Phádraig i mBaile Átha Cliath. Ansin dó, chonaic sé mar a luigh an aicmeachas chéanna ar dhaoine bhochta Bhaile Átha Cliath.

D'fhill sé ar Chonamara mar bhunmhuinteoir. Ach chionn is gur radacach a bhí riamh ann, chuaigh sé le poilitíocht, agus ní raibh ach aon rogha amháin aige. Chuaigh sé le hÓglaigh na hÉireann agus le Sinn Féin, cé nach raibh sé páirteach le foréigean riamh.
In 1936, d'fhógair an t-easpag áitiúl go raibh sé ina pheaca bheith sna Óglaigh. D'iarr bainisteoir na scoile , an sagart paróiste, air litir a shíniú a dheimhniú nach raibh sé sna hÓglaigh, agus má bhí, go n-éireodh sé astu. Dhiúltaigh sé. Briseadh as a phost é. Ní bhfuair sé obair mar mhuinteoir bunscoile arís, ní bhfaighfeadh sé litir molta. Ach i ndiadh sin, níor thréig sé an eaglais cé go raibh sé in earraid le chiméara poilitiúil na heaglaise ar feadh a shaoil, agus géar ina dhaidh.
Chuaigh sé go Baile Átha Cliath agus bhí sé gafa ansin sna hÓglaigh ar ardléibhéal. Bhí sé ar a Chomhairle Cogaidh, ach d'fhág sé an Chomhairle nuair a mholadh feachtas buamála sa Bhreatain. 

Le linn na hÉigeandála (Cogadh Domhanda a Dó) chuireadh cosc ar na hÓglaigh agus rinneadh imtheorannú air faoi dhó ar feadh ceithre bliana . Chuireadh i gCampa an Churraigh é leis na céadta eile. Is anseo a thosnaigh sé lena scríbhneoireacht chruthaitheach i nairíre. Deir Ó Cathasaigh freisin, gur anseo a rinneadh a shúile dó i dtaobh Gluaiseacht fhoréigineach na poblachtais agus ide-eolaíochtaí eile nuair a chonaic sé mar a bhí a chomhchimí ag caitheamh lena chéile. In ionad seasamh le chéile, bhí siúití, geamhthroid, faltanas, binib agus minta pearsanta a tháinig idir daoine agus a n-ideolaíocht, a n-aontas, a straitéis.

I nidadh an chogaidh, d'fhág sé an ghluaiseach oifigiúil cé nár thréig sé na daoine ann, chionn is gur thug sé isteach iomaí duine ar a fuaid. Níor thréig sé a chreideamh sa phoblachas. Phos sé, fuair sé postanna éagsúla agus shaothraigh sé spéis agus gníomhacht i gcoimhlintí chomhaimseartha a linne. Bhí spéis aige riamh i bpoilitíocht ach d'éirigh sé bréan le gach pháirtí a riabh cuma radacach air, ach nach raibh ach an seanstuif i gcónaí.
Faoi na 1960achaí, fuair sé ollúnacht i TCD agus mhaígh a mhic léinn go raibh sé radacadh i gcónaí. Sin maith do dhuine nach raibh riamh ar mheánscoil
Ní heol dom a obair radacadh ach óna scríbhneoireacht ámháin: é  i gcónaí bunúil, uathúil. Nior scríobh sé an scéal chéanna faoi dhó riamh  agus bhain sé triail as stíleanna nua gach re sea. Ach, i gcónaí, bheadh doimhneas agus barantúlacht ann go tiubh

Rinne Ó Cathasaigh sárobair ar Mhairtín, an fear a chuir os ár gcomhair. Níl Ó Cathasaigh gan a thalann ina stíl fhéin, a mhodh taispeántais, a léargas, a dhearcadh agus a aisling. Leabhar a b'fhiú a scríobhadh.