Plé:Luimneach

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Níl an eolas céanna agam ar chathir eile. Ach b'fhéidir go dtosnóidh mé ar scríobh alt cumasaigh faoi Chontae Luimnigh i ndiaidh dom críochnú le fo-ailt faoi daoine agus téamanna na cathrach. Sean an Scuab 12:18, 15 Aibreán 2007 (UTC)[reply]

Brón orm a Sheáin, bhí mé gan ach ag magadh. Lean ar aghaidh leis an dea-obair. --An Tóin Mór 16:02, 15 Aibreán 2007 (UTC)[reply]

Wow, alt iontach é seo! Maith thú, a Sheáin. An féidir leat an rud céanna a dhéanamh anois le gach aon cathair sa tír? :-) --An Tóin Mór 19:30, 9 Aibreán 2007 (UTC)[reply]

Tréaslaím leat freisin. Sár-jab. --Nmacu 10:48, 25 Aibreán 2007 (UTC)[reply]

Gramadach[athraigh foinse]

Tá roinnt mhaith botún ceartaithe agam sa chéad leath ach measaim go bhfuil roinnt athscríobh le déanamh ar chuid den ábhar leis an gcaighdeán ginearálta a ardú. Nmacu 15:23, 24 Bealtaine 2007 (UTC)[reply]

Athraigh agus fáilte. Cé gur chainnteoir ó dhúchais mé, is annamh a scríobhaim as Gaeilge agus, ós rud é go bhfuil cúig bhliain déag ar scór imithe anois ónar dheineas an Ardteistiméaracht, tá an gramadach beagnach dearmadta agam. Ceapaim go mbeadh na botúin céanna le fáil sna h-ailt faoi Ailtireacht Luimnigh, Naisc Iompar Luimnigh, Turasóireacht i Luimneach, Stair Luimnigh, Spórt i Luimneach, Oidhreacht Luimnigh Thar Lear, Sionainn , Mainchín, Pádraig Sairséal, Peadar de Lása, Seoirse de Brún, Éamonn Ó Dálaigh, Seán Sabhat, Donnchadha Ó Máille, Pádraig Mac an Choiligh, Mícheál Mac Aodha, Seán de Paor, Stiofán Ó Fionáin, Cáitríona Ní hAodha, Cáit Ní Bhriain, Seán Céitinn, Nuala Ní Dhomhnaill, Dolores Ní Ríordáin, Peadar de Bhulbh, Labhrás Ó Dubhchonna, Dolores Nic Chonmara, Kemper agus Penn-ar-Bed chomh maith.### Sean an Scuab 16:41, 2 Iúil 2007 (UTC)[reply]
Tá sár-jab déanta agat, a Sheáin agus is saibhre an Vicipéid a bhuíochas le do chuid oibre. Déanfaidh mé iarracht breathnú trí cuid de na hailt seo sna laethanta amach romhainn agus an méid eolais atá agam féin a úsáid le botúin ghramadaí (más ann dóibh) a cheartú. Beir bua, Nmacu 10:05, 5 Iúil 2007 (UTC)[reply]

An snas deireanach[athraigh foinse]

Cuirfidh mé an snas deireanach ar an alt anois beag. Tugaigí faoi deara gurb é "Luimnigh" agus ní "Luimní" an gineadach ceart. Maidir leis an tSionainn, is é "na Sionna" an ginideach a mholtar go hoifigiúil. Panu Petteri Höglund 20:20, 29 Meitheamh 2008 (UTC)[reply]

Dia dár réiteach. Is é "na Sionainne" an ginideach a mholtar i nGasaitéar na hÉireann. Níl na diabhail ábalta teacht le chéile faoin ngramadach cheart. Bhuel, tá "na Sionainne" níos rialta agus níos oiriúnaí ag na foghlaimeoirí, só, bhain mé úsáid as an leagan sin anois. Cuirfidh mé tuilleadh snas ar an leathanach seo amárach. Tá mé róthuirseach anois. Le cúnamh Dé beidh sár-alt ann sa deireadh. Panu Petteri Höglund 20:44, 10 Deireadh Fómhair 2008 (UTC)[reply]


Tógfaidh sé cupla lá eile fós, ach beidh alt sármhaith ann i gceann tamaillín, le cuidiú Dé.Panu Petteri Höglund 10:54, 11 Deireadh Fómhair 2008 (UTC)[reply]

Sea, sár-iarracht curtha isteach agaibh, agus sár-alt mar thoradh. --Antóin 11:17, 11 Deireadh Fómhair 2008 (UTC)[reply]

Go raibh maith agat, a Phanu. Éacht.Sean an Scuab 20:49, 11 Deireadh Fómhair 2008 (UTC)[reply]