Plé:Lughaidh Leanbh

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Plé:Lughaidh an Leanbh)

Úsáidtear an leagan 'B'é' sa leabhair staire 'Stair na hEorpa I' (Sáirséal agus Dill), le Seán A. Ó Murchú, M.A.A.T.O. Oide le stair i gColáiste Barra, Fearann Phiarais!

Tá "B'é Jim Fheidhlimí an t-ainm a bhí ag muintir na háite air, nó bhí a athair,..." ar fáil ag http://ga.wikipedia.org/wiki/S%C3%A9amus_%C3%93_Grianna mar shampla!

Agus arís; "I ndáiríre, b’é Uaitéar Ó Maicín a stiúir an Taibhdhearc sa tréimhse sin agus rinne sé gach cineál oibre inti." (Féach: http://www.ilrweb.ie/P%E1ip%E9ar%201/SCG%20P%E1ip%E9ar%201%20Earrach%202010.pdf) Éóg1916 11:25, 24 Meán Fómhair 2011 (UTC)[reply]

Is féidir "b’é" a scríobh más stíl pearsanta atá ann i do chuid scríbhinní, ach, de réir Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí i measc graiméir eile (an Caighdeán ina measc), ní úsáidtear an giorrúchán "b’" roimh fhorainmneacha más scríbhinní níos acadúile atá ann. Fuaimnítear an dá fhocal le chéile mar /bɤeː/, ach de réir litriú na Gaeilge (.i. caol le caol, leathan le leathan) tabhartar i dtuiscint gur /bʲeː/ an fuaimniú ceart más "b’é" an leagan atá scríofa ann - ach níl sé sin ceart. Is é an chéad fhuaimniú an fuaimniú ceart, agus dá réir sin, agus de réir an Chaighdeáin, ní ceadaítear na giorrúcháin "b’é", "b’í", "b’iad", "’sé", "’sí", "’siad", "’s’é", "’s’í", srl. Is féidir go bhfuil samplaí dá leithéad le feiceáil sa Vicipéid - ach ní ciallaíonn sé go raibh an ceart ag scríbhneoirí na n-alt sin ar taobh na gramadaí de. Tá roinnt ailt againne agus droch-Ghaeilge iontu. Mac Tíre Cowag 12:06, 24 Meán Fómhair 2011 (UTC)[reply]

... an (?) Leanbh[athraigh foinse]

Is aistriú focal ar fhocal ón mBéarla nó ón nGearmáinis é an t-ainm Lughaidh an Leanbh ("Louis the Child", "Ludwig das Kind"). Ach nach fearr Lughaidh Leanbh gan an t-alt an i nGaeilge? (cuir i gcás, Seán gabha, John the smith) -- MacCambridge (plé) 02:08, 1 Eanáir 2020 (UTC)[reply]

Tá an ceart agat agus athrófar é. SeoMac (plé) 19:23, 1 Eanáir 2020 (UTC)[reply]