Plé:Liosta tíortha

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Haigh. An bhfuil fhios ag éinne cén fáth go bhfuil An Aigéine ar an leathanach seo "Liosta tíortha"? Níl tír é, ach réigiún tíreolaíochta. Cad a ceapann sibhse? An Tóin Mór 18:12, 8 Bealtaine 2006 (UTC)[reply]


Béarlachas atá i Seorsia; is féidir é a úsáid le haghaidh "South Georgia and the Sandwich Islands" nó "Georgia" sna Stáit Aontaithe toisc gur Rí Seoirse atá i gceist. Maidir le Sakartvelo (an tír atá i gceist anseo), áfach, tagann an focal ó Pheirsis Gurjistan trí Rúisis Gruzia -- is ón Rúisis a tugtar an focal isteach sa Ghéarmáinis agus Fraincis mar Georgien agus Géorgie. Ba cheart, mar sin, An Ghrúis a úsáid i nGaeilge le haghaidh an tír seo. Evertype 09:16, 24 Mei 2005 (UTC)

Fadhb ar bith - foghlaimím rud éigin úr gach uile lá! An féidir linn "Seorsia" a fhágáil ar lár, mar sin?
Dar liom is é "An tSeoirsia" an leagan ceart. Ní thuigim cén fáth a n-úsáidfí "An Ghrúis", ós rud é nach bhfuil a leithéid in úsáid ach sna teangacha Slavacha. An bhfuil aon réamhshampla ann? Thairis sin, is é "An tSeoirsia" - nota bene "An tSeoirsia" seachas "Seorsia" - an téarma oifigiúil go bhfios dom, agus mura bhfuil ceart na seanúsáide ag an nGrúis, ní thuigim cén fáth a gcaithfimis an téarma oifigiúil a chaitheamh i dtraipisí. Panu Petteri Höglund 19:56, 8 Bealtaine 2006 (UTC)[reply]
Ba mhaith liom mo thuairim a shoiléiriú beagáinín: Dar liom, ba chóir an téarma oifigiúil a roghnú thar aon téarma eile, mura bhfuil téarma eile ann a bhfuil ceart na húsáide seanbhunaithe aige. An bhfuil seanúsáid den chineál sin ag baint le "An Ghrúis"? Panu Petteri Höglund 20:33, 8 Bealtaine 2006 (UTC)[reply]