Plé:Fine teangacha

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cúpla focal:

- Níl mé cinnte, an bhfuil sé ciallmhar an oiread sin úsáide a bhaint as an iarmhír "-is". An bhfuil réamhshamplaí ann? - An bhfuil sé ciallmhar "Altaeis" a úsáid, nuair nach bhfuil teangeolaíocht an lae inniu sásta a admháil go bhfuil a leithéid d'fhine ann ar aon nós? Ar ndóigh, is gá trácht éigin a dhéanamh ar an "Altaic hypothesis", ach sin a bhfuil ann. Panu Petteri Höglund 19:44, 14 Iúil 2006 (UTC)[reply]

Bhain mé úsáid as "-is" mar in alt eile chonaic mé gur scríobhach "Ind-Eorpais"; cheap mé gur raibh sé caighdeánach a leithéid a dhéanamh. Chuir mé "Altaeis" síos mar go raibh sé ar an leathanach Béarla "Language Family". B'fhéidir gur fearr gan "Altaeis" a lua, ach ina háit "Tuircic", nó é a fhágáil ar lár go hiomlán. Conor O Bradaigh 11:03, 15 Iúil 2006 (UTC)[reply]
Bhuel, dealraíonn sé gurb é an moladh é atá ar Acmhainn.ie chomh maith, agus mar sin, caithfidh muid bheith sásta leis. Mar sin féin, b'fhearr liom gan an iomarca úsáide a bhaint as mura bhfuil aon teanga amháin i gceist. Maidir leis na teangacha Altaecha, chuir mé suas leathanach inar phléigh mé iad, ach caithfidh mé tuilleadh a chur leis le féachaint chuige go dtuigfeadh na léitheoirí nach bhfuil i gceist ach hipitéis nach bhfuil formhór na dteangeolaithe sásta léi. Panu Petteri Höglund 13:55, 15 Iúil 2006 (UTC)[reply]

An bhfuil aon údarás agaibh le h"Ostrainéisis" in áit "Astrainéisis"? Ní deirimid "an Ostráil" ach an oiread, ach "an Astráil".Panu Petteri Höglund 15:04, 8 Aibreán 2008 (UTC)[reply]