Plé:Duais Nobel

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Conas a 'ghearrtar' duais?

Duaiseanna Nobel agus conas iad a 'stílú'[athraigh foinse]

Ag suíomh oifigiúil Nobel, úsáidtear an réamhfhocal in i mBéarla. Úsáidtear i i Sualainnis/Ioruais—mar shampla, Nobelpriset i litteratur. Úsáidtear "for" uaireanta agus cur síos i gceist: she was awarded a Nobel for her work on.... Dhéanfadh an dá cur chuige cúis i nGaeilge. Ag suíomh www.beo.ie baineadh úsáid as an dá bhealach chun duais a Nobel a chur in iúil: Nobel san eacnamaíocht, Nobel ar son na litríochta. ("Do" a roghnaigh eagarthóir Beo uair nó dhó.) Ó tharlaíonn gur féidir an t-idirdhealú céanna a dhéanamh agus a dhéantar i dteangacha oifigúla an choiste Nobel, ba chóir dúinn cloí le "sa(n)": Nobel sa cheimic, agus mar sin de. SeoMac (talk) 23:58, 11 Meán Fómhair 2015 (UTC)[reply]

TGcoa (talk) 08:55, 12 Meán Fómhair 2015 (UTC) Féach Google.. "Duais Nobel don " nó "Duais Nobel sa" .... "sa" go háirihe ar Vicipéid ! "do" níos nadúrtha dom.. sin an fáth amháin, ceapaim, a chuir duine éigin "Ní mór an t-alt seo a ghlanadh" .. tá an chuid eile go maith TGcoa (talk) 08:57, 12 Meán Fómhair 2015 (UTC) ag taisteal an deireadh seachtaine seo, nó scríobhadh mé níos mó[reply]

Ní dóigh liom gurb é sin an fáth ar chuir Mangaire an chlib sin ar an alt. Rinneadh a lán athrúintí ar an alt ó shin. Is é "Duais Nobel sa x" an bealach ceart le "Nobel Prize in x" a aistriú go Gaeilge. Is ionann "Duais Nobel do x" agus "Nobel Prize for x". Tá "Duais Nobel le haghaidh x" feicthe agam uair nó dhó fosta. Tá "do" nó "le haghaidh" sásúil agus cur síos ginearálta i gceist ach ní i gcomhair ainm na duaise féin. Tá sé mícheart sa chomhthéacs.
um agus an tuiseal ginideach feicthe agam freisin ("an duais litríochta Nobel" san Irish Times) ach tá "...sa cheimic, litríocht," srl níos coitianta. Is fíor gurb as an Vicipéid féin cuid mhaith díobh, ach scríbhneoirí maithe (Panu Petteri Höglund agus Matt Hussey) a scríobh breis is leath díobh. Tá na scórtha samplaí de "Duais Nobel sa lit., sa cheimic" srl fágtha anseo, fiú i ndiaidh na n-athruithe a rinne tú cheana. Ach is é an rud is tábhachtaí nach dtig linn a bheith ag scríobh beag beann ar a chéile anseo. Fiú dá mbeadh do rogha féin sa chás seo chomh húdarásúil agus atá rogha Phanu agus Matt Hussey. SeoMac (talk) 11:31, 12 Meán Fómhair 2015 (UTC)[reply]
Chonaic mé "Duais Nobel sa x" ag suíomh RTÉ/Radió na Gaeltachta. An rud céanna (nach mór - ní bhacann siad leis an alt) ag Vicipéid Ghaeilge na hAlban. SeoMac (talk) 20:37, 12 Meán Fómhair 2015 (UTC)[reply]
“Dúchas na Gaeilge” / Maolmhaodhóg Ó Ruairc l 119 srl “Seo an focal is fusa in aon teanga. Sin a deirtear pé scéal é. Agus is fior an ráiteas fad nach bhfuil i gceist ach tuairisc ionaid. .. i gcás an réamhfhocail 'in' is gá roinnt idirdhealuithe a dhéanamh go háirithe nuair nach n-aistrítear an réamhfhocaI in aon chor”

Mar shampla

 “duais sa damhsa”, “duais sa chumadóireacht”,  “duais sa chomórtas”

i gcomparáid ..

  “Duais don iontráil”, “Duais don phobal”,  “duais don iarracht is fearr”

= = > Scil / oilteacht / leanúnach / buan vs imeachtaí / cúrsaí

Mar sin, Matt Hussey…

“Roinn sé an chéad Duais Nobel *** don *** tsíocháin” (Dunant, Jean Henri) l 278 “Jody Williams, Duais Nobel *** don *** tsíocháin i 1997” l 256 .. fiú Matt Husseym Fréamh an Eolais  !!! ach “sa bhfisic” & “sa cheimic” ceart go leor

Google : "duais Nobel s a Lit." Níl ann ach ga.wikipedia.org , blogspot, Twitter & mar sin de  !
Ach Google : "duais Nobel don " … foinsí mar irishtimes.com, tcd.ie dfa.ie, gaelport ...  !
N.B. “Plé” dúirt Antóin sa bhliain 2008

“níos fearr Duais Litríochta Nobel a tugtar ar an alt seo? --Antóin” https://ga.wikipedia.org/wiki/Pl%C3%A9:Duais_Nobel_sa_Litr%C3%ADocht ( Google ar “Duais Litríochta Nobel” = > irishtimes.com , nuacht24.com ..)

Ar aon nós, tá a fhios againn go bhfuil “don” ceart .. ach chuir tú ar ais an réamhfhocal “sa” agus thóg tú amach “Ní mór an t-alt seo a ghlanadh”. Ar mhaith leat an leathanach a cheartú anois ?
Rud eile… scríobh an t-úsáideoir “Felo de Me” “d-o moladh” sna beathaisnéisí go léir .. níor chuala mé an frása seo riamh is ní fheicim é ar Google.

TGcoa (talk) 23:37, 14 Meán Fómhair 2015 (UTC)[reply]

Maith thú as "do moladh" a athrú. Maidir le hainm na duaise, ní raibh Felo de Me ach a leanúint den phatrún choitianta anseo agus in áiteanna eile. Tugaim faoi deara gur astrigh Antain Mac Lochlainn ainmneacha duaiseanna Nobel mar seo, "dhá dhuais Nobel, san Fhisic agus sa Cheimic" agus "Duais Nobel san Fhisic" (Cuir Gaeilge Air, lgh. 73-74 agus 156-57). Scríobh Mac Lochlainn Cruinneas chomh maith. Is léir go gceapann cuid mhaith scríbhneoirí maithe, agus fiú saineolaithe ar an Ghaeilge, go bhfuil a leithéid agus "Duais Nobel sa x" ceart nádúrtha. Níor chóir dúinne iad a cheartú. Bunriail na heagarthóireachta gan rud nach bhfuil mícheart a cheartú. SeoMac (talk) 15:02, 15 Meán Fómhair 2015 (UTC)[reply]


Sea glactar "duais sa chumadóireacht" .. nach dtuigeann tú an difríocht ?! Mar sin ní fheiceann tú “duais Nobel s–a tsíocháin” áit ar bith ar an idirlíon .. seachas an Vicipéid.. ! Ait ar bith eile (má chreideann tú Google)! .. dochreidte amach is amach ! Feicim ar an idirlíon

 “Duais Nobel na Síochána” 

agus uaireanta “

 ar son na síochána”

Scríobh Matt Hussey…

 Leathanach  227  “Roinn sé an chéad Duais Nobel don tsíocháin i 1901”.    
 Leathanach   256 “Jody Williams, Duais Nobel don tsíocháin i 1997”  

Scríobh Matt freisin “s-a tsíocháin” ach bhí sé ag dul ró-thapa ! (deacair an Béarlachas a sheachaint i gcónaí ) Níor mhaith liom faisean nua i scríbhneoireacht na Gaeilge a chruthú ! TGcoa (talk) 22:25, 17 Meán Fómhair 2015 (UTC)[reply]

Ní hionann an dá chás, mar ní hionann na bunainmneacha: the Nobel Peace Prize vs. the Nobel Prize in X. Tá an chéad cheann againn ceart againn: Duais Nobel na Síochána. D'iarr mé a dtuairim ar thearma.ie. Tá siadsan claonta i dtreo an mhúnla sin dona duaiseanna eile chomh maith, is é sin, úsáid a bhaint as an tuiseal ginideach. Beidh siad an cheist a chur os comhar an Choiste Téarmaíochta ar ball. Is é mo bharúil gur chóir dúinn achan rud a fhágáil mar atá sé go ceann tamaill eile. Agus níor mhaith liomsa faisean nua i scríbhneoireacht na Gaeilge a chruthú ach oiread, mo phointe ón tús. SeoMac (talk) 03:08, 18 Meán Fómhair 2015 (UTC)[reply]
Bhí an ceart ag Felo de me maidir le "do moladh", dála an scéil. Tábhachtach gan rud a athrú ró-thapa. SeoMac (talk) 15:48, 18 Meán Fómhair 2015 (UTC)[reply]


Níl a fhios agam an bhfuil “sa” nó “moladh” ceart nó mí-cheart, Béarlachas srl .. (foghlaimeoir mé i gcónaí !) ach tá a fhios agam go bhfuil “na” is “bronnadh” 100% ceart.
= > Is fearr a bheith cúramach .. faichilleach !
An dtuigeann tú .. ar an Vicipéid amháin “s-a tsíocháin”. Sin “faisean” nua! Tógfaidh mé amach é & ní bheidh an frása le fheiceáil áit ar bith… “faisean” imithe mar sin!
An bhfaca tú na ceartúcháin a rinne mé ,, J.M.Coetzee, Wayne Thiebaud, San Francisco & Friotaíocht ? Barr an chnoic oighir!
= > níl an t-am againn “faisean nua” a chosaint = > Is fearr dúinn a bheith ** faichilleach **

TGcoa (talk) 18:10, 19 Meán Fómhair 2015 (UTC)[reply]

D'fhág mé freagra ar do leathanach plé mar tá níos mó ná an Duais Nobel i gceist. SeoMac (talk) 19:42, 19 Meán Fómhair 2015 (UTC)[reply]