Plé:Coláiste Feirste

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
                                        Tús Na hAislinge
                                     
                                        le Séamus Mac Seáin


Is tréimhse fhada ama é fíche bliain ó ghiniúint go breith agus ní gan dua a bunaíodh an t-oideachas iarbhunscoile i mBéal Feirste. Ghlac sé fís, fuinneamh agus foighne a bheith ag lucht a bhunaithe le go n-éireodh leo. Ach bhí na tréithe sin fairsing go leor ag lucht na Gaeilge ariamh agus tá an toradh le feiceáil againn inniu. Tá buíochas ag dul do chuid mhór daoine as muid a bheith san áit a bhfuil muid. Tá cuid acu beo agus cuid acu ar shlí na fírinne, ach tá buíochas ar leith ag dul do na tuismitheoirí sin a bhí sásta á gcuid páistí a chur ar scoil nach raibh stair oideachais ná aitheantas stáit taobh thiar di ag an am. Ní rabhthas cinnte fiú amháin, go mbeadh go leor airgid ann le múinteóirí a íoc, fada go leor, le go gcríochnódh na paistí á gcuid oideachais. . Glacann sé misneach ar leith le dul sa seans le tionscnamh mar sin agus sin an fáth a bhfuil moladh mór ag dul do na chéad tuismitheóirí sin. Gidh nár mhair an chéad Mheánscoil ach ar feadh dhá bhliain ó1979 go dtí 1981, agus trí bliana sular tugadh maoiniú stáit do Bhunscoil Phobail Feirste, chruthaigh sí go dtiocfadh oideachas maith a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ach go leor airgid agus áiseanna a bheith taobh thiar de. . Bhí an chéad iarracht sin ar iarbhunscolaíocht i mBéal Feirste ag brath go huile agus go hiomlán ar obair dheonach ach má bhí sí deonach féin bhí sí tairbheach. Rinne Feargus Ó hÍr, Pádraig Ó Maolcraoibhe agus Fionnbar Dynan scoth oibre leis na hachmhainní a bhí acu, achmhainní a b'éigean dóibh féin a chur ar fáil go minic. Cuimhnímis gur daoine iad sin a raibh postanna lánaimseartha acu i scoileanna eile agus a tháinig isteach iná gcuid ama saor féin le hoibriú sa" Mheánscoil scairte" seo.

Chomh maith leis na múinteóiri sin ón taobh amuigh bhí daoine de chuid an phobail féin as Bóthar Seoighe a theagaisc sa scoil le go mbeadh réimse leathan ábhair ar fáil. Orthu sin bhí Áine Mhic Aindreasa (nach maireann), Máire Mhic Sheáin agus Brighid Mhic Sheáin a raibh ranganna rialta acu agus daoine eile ón phobal a theagasc corr-rang ar a seal. D'oibrigh an scoil go maith fad a mhair sí ach ó tharla go raibh bunscoil ,nach raibh ag fáil maoiniú stait ag an am , le reáchtáil ag an phobal chomh maith d'éirigh an t-ualach róthrom agus b'éigean éirí as. Buile mór do mhisneach agus do dhóchas an phobail a bhí i ndruidim na scoile agus chuaigh ocht mbliana eile thart sula dtug glúin eile de thuismitheoirí faoi scoil iarbhunoideachais a bhunú i mBéal Feirste arís.

Sa bhliain 1989 thug Gearóid Ó Cairealláin agus Aoífe Ní Riain dream daoine le chéile ' féacháint le Meánscoil Ghaelach a bhunú arís i mBéal Feirste. Ní raibh a gcuid páistí féin ach ag tosnú ar an bhunscoil ag an am ach theastaigh uathu go mbeadh meánscoil Ghaelach ann faoina gcoinne nuair a thiocfadh ann dóibh. D'iarr siad ormsa baint a bheith agam leis ó tharla baint a bheith agam leis an chéad iarracht deich mbliana roimhe sin. Áinneoin mo theaghlach féin a bheith tógtha agam agus gan duine ar bith acu in aois mheánscoile níos mó bhí áthas orm ciudiú leis an iarracht nó chuir sé isteach orm go mór go mb'éigean dúinn an chéad mheánscoil a scor. Bhí barúil mhaith agam fosta faoi na rudaí a bhí le seachaint má bhí le héirí leis an dara hiarracht seo.

Bhí sé tabhachtach dar liom gan an iomarca buartha a bheith ar na tuismitheoirí faoi chúrsaí airgid agus ba ar an taobh sin de Mheánscoil Feirste a chaith mé mo dhúthracht ag an tús. Chuir an coiste tuairisc ghairid le chéile ar na bunriachtanais a bhí ag teastáil leis an scoil a thosnú agus chuaigh i mbun airgid a bháiliú. Ag an am sin bhí crannchur 'á reáchtáil ag Comharchumann Ráth Cairn agus lig siad dúinn sin a úsáid le hairgead a bhailiú don scoil. Ba iad Malachy Duffin agus Pádraig Ó Maolchraoibhe a ba mhó a dhíol na ticéidí don chrannchur agus taobh istigh de shé mhí bhí £11,000 sa chiste.

Ag tús 1991 bhí go leor airgid sa chiste againn le beirt mhúinteoir a fhostú go cionn cúpla mí. Ní riabh muid cinnte cá has a dtiocfadh an tairgead ina dhiaidh sin ach bhí go leor muinín againn asainn féin le fógra a chur ar an pháipéar ag iarraidh beirt mhúinteoir a fhostú. Bhí an t-ádh orainn gur aimsigh muid Feargus Ó hÍr agus Cathal Ó Donghaile a bhí sásta tabhairt faoin obair chrua a bheadh de dhíth le scoil mar seo a choinneáilt ag dul. Thuig Feargus ach go háirithe cad é mar a bheadh nó bhí sé ar dhuine de na múinteóirí a theagasc gan tuarastal sa chéad mheánsoil i 1979.

Bhí múinteóirí anois againn mar aon le ciste airgid cúpla mí ach muid gan ár suíomh scoile go fóill. Mar a tharlaíonn go minic do dhaoine a bhfuil misneach acu sheol an chinniúint réiteach na faidhbe sin chugainn nuair a chuala mise gur dócha go mbeadh an tseánEaglais ag an Bhealach Leathan ar Bhóthar na Bhfál ar fáil ar léas ag dream a dtiocfadh leo £25,000 sa bhliain de chíos a íoc ar an fhoirgneamh. Ní raibh pingin rua againn dar ndó ach d'iarr muid ar Gerry Rogan ón Belfast Action Team an cíos a íoc don chéad bhliain ,rud a thoiligh sé a dhéanamh. Tá Gerry Rogan féin ar shlí na fírinne anois ach beidh Gaeil Bhéal Feirste i dtólamh faoi chomaoin aige as muinín a chur ionainn.

De réir rialacha Belfast Action Team ag an am ní thiocfadh le Gerry airgead a chur ar fáil do láthair scoile. Mar sin de chuir mé féin agus Gearóid Ó Cairealláin ár n-aimneacha le léas trí bliana ar fhoirgneamh a bhí le bheith ina ionad cultúrtha a dtug muid Cultúrlann McAdam/Ó Fiaich air ach a bhí go fírinneach ina láthair scoile. Bhí múinteóirí againn, bhí láthair scoile againn agus ní raibh ag teastáil anois ach na dáltaí. Mar sin ag tús Mhí Mheán an Fómhair 1991 cuireadh tús le Meánscoil Feirste le 9 ndalta, beirt mhúinteóir ar tuarastal (má ba bheag féin é) Feargus agus Cathal agus beirt eile ag obair go deonach gan tuarastal mar a bhí Nóirín Ní Chléirigh agus Ciarán Ó Dornáin. Gidh gur chuir muid scéal amach go raibh muid ag iarraidh líon na bpáistí a choinneáil íseal is í an fhírinne í nach dtiocfadh linn níos mó daltaí a mhealladh ann sa chéad bhliain agus cé a bheadh ina dhiaidh ar thuismítheóirí gan dul sa seans le scoil mar sin? Sa dara bliain tháinig 18 dalta nua isteach agus sa tríú bliain tháinig 36 isteach. Is iomaí cor a bhí i scéal Choláiste Feirste ó shin agus tá a stair le ríomh go fóill ach is tús maith é leath na oibre agus ba é sin an tús.