Plé:Cogadh na Naoi mBliana (Éire)

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá an teideal "Cogadh na Naoi mBliana" mí-cheart. Is é "Blian" an ginideach iolra tar éis uimhreacha. Is é an ainmneach iolra "Bliana"

AnSpideogDhubh (talk) 19:47, 5 Lúnasa 2012 (UTC)[reply]

Níl ceist na n-uimhreacha Gaeilge chomh simplí is a shíleann tú! Beir greim ar fhoclóir nó ar ghraiméar cruinn. Mac Tíre Cowag 20:47, 5 Lúnasa 2012 (UTC)[reply]
Ní cheapaim go bhfuil uimhreacha na gaelainne simplí ach féach ar na leabhair "Mo scéal féin" (leis an Athair Peadar Ua Laoghaire) agus "Stair Sheanchas Éireann" (le Mícheál Ó Siochfhradha) agus chífir an frása "na naoi mblian", ina theannta san "Cogadh naoi mblian" agus "i gcaitheamh naoi mblian". Nuair atá bliana (iolra an fhocail "bliain") sa tuiseal ginideach, baintear úsáid as an bhfoirm "blian" (ginideach iolra) mar is cuí. AnSpideogDhubh (talk) 23:12, 5 Lúnasa 2012 (UTC)[reply]
Ní hé "bliana" iolra an fhocail "bliain", ach "blianta". Is é "bliana" an ginideach uatha, "blianta" an ginideach iolra. Sa Ghaeilig úsáidtear an ginideach uatha (.i. "bliana" sa chás seo) leis na h-uimhreacha, fiú sa tSean Ghaeilig (m.s. sga. "...na hocht n-airig súalach" (au. aireag, ai. airig, gu. airig, gi. aireag), "dilait na hocht trath" (au. trath, ai. tratha, gu. trath, gi. tratha), ga. "Forbairt na hOcht Oileáin" (au. oileán, ai. oileáin, gu. oileáin, gi. oileán), an t-amhrán "Madra na hOcht gCos", "Teampall na Naoi Naomh", "Niall na Naoi nGeallach", "Comhaontú na Naoi gCumhacht", srl. Maraon leis sin, tá tagairtí údarásach' againn agus "Cogadh na Naoi mBliana" iontu, mar, Cairde Teo, Stanford University, Ainm.ie, Acmhainn.ie, The Irish Times, Siollabas Staire na Roinne Oideachais, srl.Mac Tíre Cowag 01:02, 6 Lúnasa 2012 (UTC)[reply]
Tá dhá iolra ag an bhfocal bliain. Iolra tar éis na n-uimhreacha, bliana, is ionann é agus an ginideach iolra, agus iolra coitianta, blianta, nuair ná fuil aon uimreacha roimis. Féach ar an suíomh Na hUimhreacha, nó ar na leabhráin "Gaeilge Uladh" le Dónall Ó Baoill agus "Corca Dhuibhne" le Diarmuid Ó Sé.
Infhilleadh an fhocail "bliain":
Ainmneach uatha: bliain
Ainmneach iolra: blianta
Ainmneach iola tar éis uimhreacha: bliana
Ginideach uatha: bliana
Ginideach iolra: blianta
Ginideach iolra tar éis uimhreacha: blian*
Tabharthach uatha: bliana (mar shampla, i mbliana)
*Ina theannta san, baintear úsáid as an nginideach iolra so tar éis na n-uimreacha fiche, céad agus míle, mar shampla "Fiche Blian ag fás".
AnSpideogDhubh (talk) 11:01, 6 Lúnasa 2012 (UTC)[reply]
Bhuel, más agatsa atá an ceart, taispeán dom foinse ina bhfuil sé scríofa gurb é "Cogadh na Naoi mBlian" an teideal ceart. Más agatsa atá an ceart, bheadh sé fíor éasca níos mó ná ceann údarásach amháin a lua. Mac Tíre Cowag 18:12, 6 Lúnasa 2012 (UTC)[reply]