Plé:An Nollaig

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Uaslódáladh an téacs seo thíos ar an leathanach Vicipéid:Conas a chuirtear tús le leathanach. Is féidir píosa a scríobh faoi cheol na Nollaig, agus seo an foinse. --Gabriel Beecham 22:59, 23 Nol 2004 (UTC)

Maidir leis an bpíosa thíos faoin gceol agus a thionchar ar an duine, tá dhá cheist agam. 1) Cad é an foinse as a dtáinig an píosa seo? 2) Cén fáth nach bhfuil sé suite in alt faoi cheol, nó faoi cheol agus síceolaíocht nó díolachán? Meabhar 00:45, 20 Ean 2005 (UTC)
Bíonn ceol i gcónaí tábhachtach inár saolta ach ag an am seo bliana tá sé níos tábhachtaí fós agus in amanna ar dhóigheanna nach dtugaimid faoi deara.
Is beag duine nach maith leis nó léi carúil; bíonn siad ceangailte le draíocht na Nollag mar a mhothaímid í agus sinn óg. Bíonn a fhios againn go bhfuil an Nollaig ag tarraingt orainn nuair a chloisimid iad don chéad uair. Ní hiad na carúil amháin a cheoltar ag an Nollaig; bíonn cineál popcheoil roghnaithe againn fosta. Agus go minic is ceol é seo nach dtoghfaí ag am ar bith eile den bhliain. “All I want for Christmas is my two front teeth” le Spike Jones 1948; nó “Dominique” leis an bhean rialta cheolmhar 1963; nó “Merry Christmas everyone” le Slade sna 70í. Tagann cuid acu ar ais gach bliain, Slade mar shampla agus ar ndóigh “White Christmas” le Bing Crosby. Ach fiú más fuath linn iad, cothaíonn siad atmaisféar na Nollag nuair a chloisimid iad.


Ach tá cumhacht eile ag ceol. Bíonn tionchar aige orainn i nganfhios dúinn. De réir taighde ó Ollscoil Leicester ar na mallaibh, bíonn an méid airgid a chaithimid i mbialann ag brath ar an chineál ceoil; má bhíonn ceol claisiceach á sheinm caithfidh daoine níos mó airgid; más “muzak” atá ann, caithfidh siad níos lú; más popcheol, ní bhíonn athrú ar bith. D’fhionn an fhoireann céanna go gceannaíonn daoine níos mó fíon na Fraince nuair a bhíonn ceol Francach á sheinm agus mar aon go ndíoltar níos mó fíon na Gearmáine má sheinntear ceol Gearmánach. Tá taighde á dhéanamh san Iosrael a léiríonn go mbíonn níos mó taismí bóthair ag tiománaithe a bhfuil ceol gasta á sheinm acu ná mar a bhíonn acu siúd a éisteann le ceol mall. Bíonn sé níos fusa ag daoine fanacht i seomra faire má bhíonn ceol mall á sheinm nó measann siad nach fada an t-am ag dhul thart.
Agus ní ar an chine daonna amháin atá an tionchar seo. Tá a fhios againn go mbíonn toirt an bhainne ó eallaigh ag brath ar cheol; thairgeann siad níos mó má chloiseann siad ceol mall le Beethoven agus iad á mbleán ach is fuath leo na Beatles, is cosúil.
Tá réimse úr taighde ag fás anois atá ag soiléiriú an tionchar fochomhfhiosach a bhíonn ag ceol orainne agus ar ainmhithe. Cheana, tá a fhios againn gur féidir le ceol pian a laghdú, imní a mhaolú, iompar a bhisiú agus dianmhachnamh a dhoimhniú
Tá an t-eolas seo uilig ag lucht siopaí agus úsáideann siad é, go háirithe ag an am seo bliana nuair a bhíonn níos mo airgid á chaitheamh againn. Cuireann siad amach ceol na Nollag nó tá a fhios acu go mbíonn sin ceangailte inár n-intinní le sonas agus sástacht. Moilleann ceol an ráta siúil in ollmhargadh agus tá a fhios againn go gceannaíonn daoine níos mó agus iad ag siúl go fadálach.
Nár mhaith an mhaise dúinn uilig dá bhfanfadh siad go tús mhí na Nollag ar a laghad?
Nollaig shona duit.

Athainmniú gan chúis a thabhairt[athraigh foinse]

Is gá an t-alt roimh an Nollaig mar a bhí ar an gcéad dul síos, ar nós ainmneacha áiteanna, tíortha, srl i gcoitinne. Ní fheicim cúis maith ar é a bhaint de, cuma faoin mí den ainm céanna. Molaim an alt a athlonnú faoi an Nollaig, agus cuirfead féin ar ais é muna bhfaighim cúis maith éigin leis an aistriú a deineadh. Dála an scéil, táimse tuirseach desna h-athraithe seo gan chúis, agus nuair a deintear iad, ba chóir agus ba bhéasach míniúchán éigin a chur sa bhosca míniúchán. Cuireann athraithe den tsórt seo as don bhfiontar seo Vicipéid, agus bheadh i bhfad níos mó scríofa agamsa, pé scéal é, muna mbeadh orm plé gach seachtain leis an seafóid seo. Meabhar 00:37, 20 Ean 2005 (UTC)

Ní gá an t-alt roimh an bhfocal. Nollaig an ainm simplí: tá crann Nollag, carúl Nollag srl. againn freisin. --Gabriel Beecham 23:58, 20 Ean 2005 (UTC)

An Nollaig[athraigh foinse]

a bhí uaim.Éóg1916 10:28, 28 Meitheamh 2009 (UTC)[reply]