Plé:An Ghaeltacht

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is as Contae na Mí mé (t. 6 km ó Bhaile Átha Buí) le gaoltaí agam i Ráth Cairn, agus is féidir liom a rá nach bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil ar na sráideanna ann (seachas ag pobal na Gaeltachta a théann go Baile Átha Buí chun an tsiopadóireacht a dhéanamh). Cá bhfuair sibh an t-eolas faoi stádas Gaeltachta agus Baile Átha Buí? --MacTire02 11:54, 13 Meán Fómhair 2009 (UTC)[reply]

An duine seo a bhí ann, in ailt eile chomh maith. [1] [2] [3] [4] POV / OR? Tameamseo 13:12, 13 Meán Fómhair 2009 (UTC)[reply]
POV i mo thuairim. Is rud uafásach é seo (mar is i mBaile Átha Buí a saolaíodh Ó Gramhnaigh) ach níl Gaeilge le cloisteáil sa bhaile. Chomh maith leis sin, níl comhairle baile i mBÁB. Ach dúirt scribhneoir na n-alt sin go bhfuil BÁB ag plé le ÚnaG chun stádas Gaeltachta a fháil - cé as BÁB - níl aon comhairle nó údarás ag seasamh ar son pobal an bhaile - agus ní raibh vóta nó pobalbhreith ann? Agus, is leis Roinn na Gaeltachta freagracht ar teoranta na Gaeltachta - níl ÚnaG ábalta na teoranta a leasaigh nó a mhéadaigh. Só, má tá an ceart ag an scribhneoir sin, tá daoine nach raibh tofa ag muintir BÁB, ag plé leis an údarás mícheart faoi stádas gaeltachta, chun an stádas sin a thabhairt do áit nach bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil ann. I bhfocail eile, POV atá ann. MacTire02 15:32, 13 Meán Fómhair 2009 (UTC)[reply]
Beidh Gaeltacht na hÉireann níos fearr mar theideal ar an leathanach seo?
Nach bhfuil 'Gaeltachtí' eile ann, m.sh. Gaeltacht na hAlban! Féach: http://beo.ie/index.php?page=archive_content&archive_id=1301 agus http://historical-debates.oireachtas.ie/D/0286/D.0286.197512100012.htmlÉóg1916 16:59, 8 Deireadh Fómhair 2009 (UTC)[reply]
Is logainm í An Ghaeltacht. Ceapaim go bhfuil sé níos fearr an t-alt seo a bheith faoin ainm An Ghaeltacht. Ach feicim do phointe a Éamoinn. B'fhéidir go bhfuil sé níos fearr idirdhealú a dhéanamh idir na h-ailt mar seo:
* Gaeltacht - áit ar bith ina bhfuil na teangacha Gaelacha á labhairt iontu
* An Ghaeltacht - ceantair oifigiúla in Éirinn ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt (le leathanach athsheolta ó "Gaeltacht na hÉireann")
* An Ghàidhealtachd - ceantair in Albain agus i gCeanada ina bhfuil Gaeilge na hAlban á labhairt (le leathanach athsheolta ó "Gaeltacht na hAlban" agus mír inti le h-eolas faoi cheantair Ghaelacha in Albain agus i gCeanada ar leith)
Cad a cheapann tú/sibh? --MacTire02 17:42, 8 Deireadh Fómhair 2009 (UTC)[reply]
Aontaím leat. Is plean mhaith é :) Footyfanatic3000 17:54, 8 Deireadh Fómhair 2009 (UTC)[reply]
Maith go leor liomsa freisin. Is rud ginearálta í "Gaeltacht" ar dtús, agus ansin tá Gaeltachtaí ar fud na tíre, ar ar dtugtar "An Ghaeltacht". Ach níl a leithéid de rud ann mar "An Ghaeltacht" amháin, is teideal a chuirtear ar gach de na Gaeltachtaí. --Antóin 16:59, 9 Deireadh Fómhair 2009 (UTC)[reply]