Plé:An Diftéire

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cén fáth an t-alt in úsáid anseo?Éóg1916 10:33, 4 Eanáir 2011 (UTC)[reply]

Níl a fhios agam, bhraitheas go raibh gá le halt, ach ní chuimhin liom an focal féin diftéire a chloisteáil sa chaint. Eomurchadha 14:45, 4 Eanáir 2011 (UTC)[reply]
Nach bhfuil sé níos fearr ailt a chruthú faoin ainm atá le fáil i bhfoclóirí? Tuigim go bhfuil "An Diftéire", "An Fhraincis", srl. le cloisteáil agus le feiceáil sa ghnáthchaint agus i bhfoilseacháin (.i. leis an alt), ach chan fhuil siad le feiceáil leis an alt ins na foclóirí. Mar shampla, úsáidtear an t-alt sa ghnáthchaint nuair atá duine éigint ag caint faoi ainmhithe, ach sa chiclipéid seo ta ailt faoi ainmhithe (m.s.) againn agus ainm an ainmhí gan an t-alt mar theideal an ailt, áfach. Cad a cheapann sibh? --MacTire02 15:43, 4 Eanáir 2011 (UTC)[reply]

Tá an scéal casta! Féach http://ec.europa.eu/translation/irish/documents/christian_brothers_comprehensive_irish_grammar_ga.pdf

  • 7.6 Úsáidtear an t-alt i logainmneacha. leis na hilchríocha (ach amháin Meiriceá): an Eoraip; an Astráil, le tíortha seanbhunaithe: an Bhreatain Mhór; an tSín; an Spáinn, le roinnt bailte móra agus sráidbhailte: an Róimh; an Ómaigh; na Cealla Beaga, roimh Mumhain (ach amháin ar lorg Cúige): sin an Mhumhain; sa Mhumhain;

Craobh na Mumhan; ach Cúige Mumhan, le roinnt sléibhte: an Mhucais; an Mhangarta, le beagnach gach abhainn: an Danóib; an Life, le farraigí áirithe: an Mheánmhuir; an tAigéan Atlantach.

  • 7.7 Ní gnách an t-alt i logainmneacha sna cásanna seo; le Sasana, ná le roinnt tíortha eile: Paragua, Iamáice

lle formhór na bhfarraigí is na lochanna: Muir nIocht; Muir Meann; Loch nEathach, roimh Éire, Albain, Gaillimh ach amháin sa ghinideach: bhuaigh Gaillimh; i nGaillimh; Contae na Gaillimhe. Fágtar an t-alt ar lár roimh Éireann i dteidil reachtúla áirithe; Dáil (Seanad, Raidió Teilifís, Iarnród, Tuaisceart) Éireann, agus i seanleaganacha: oileán iathghlas Éireann ... feara Éireann ná a mná. Ní hionann an bhrí a bhaintear as an teideal polaitiúil Tuaisceart Éireann agus as an ngnáthabairt tuaisceart na hÉireann.

  • 7.8 Úsáidtear an t-alt roimh ainm teibí agus roinnt ainmfhocal eile más le brí fhorleathan a úsáidtear iad: tá an radharc go holc aige; togha na sláinte; saol an duine; gairm an tsagairt; an caidreamh idir an tionscal agus an ollscoil. Ach ní úsáidtear é li leaganacha mar cad is uaisleacht ann? cad é an ní meisce? is é [an] deireadh é

li natháin áirithe: ní thagann ciall roimh aois; tosach sláinte codladh nuair nach bhfuil brí fhorleathan leis an ainmfhocal: bhí fearg (eagla, etc.) orm.

  • 7.9 Úsáidtear an t-alt idir cé, cad é agus ainmfhocal de ghnáth: cén fear; cad é an rud é sin? cé na fir iad sin?
  • 7.10 Úsáidtear an t-alt nuair atá aidiacht thaispeántach ag cáiliú an ainmfhocail: an fear sin; an leabhar seo; ciall na mná úd. Ach ní hiondúil é a úsáid sa ghairmeach: a fhir úd thall! a bhean sin! a ghiolla seo! [Níl aon ghairmeach ag an alt más ainm duine áirithe an t-ainmfhocal: le Pádraig seo againne; Cáit Ní Bhriain úd má cháilíonn ainm duine an t-ainmfhocal: bríste seo Chiaráin; scéal úd Liam.
  • 7.11 Úsáidtear an t-alt ag tagairt don ráta in abairtí áirithe: dhíol sé ar phunt an ceann iad; réal an t-unsa; deich bpunt an duine; uair sa bhliain; an tÚll Órga (capall) a rug -- céad ar an gceann.
  • 7.12 Úsáidtear an t-alt roimh theidil daoine, cibé acu onórach nó tarcaisneach iad: an Dochtúir Ó Sé; an tAthair Mac Néill; Peadar Ó Doirnín, an file; teacht an Spioraid Naoimh, an Sólásaí; Dia an Mac; Diarmaid Mac Murchú, an cladhaire. Ach fágtar ar lár é má tá ainm pearsanta go díreach roimh an teideal: Oisín file; Tadhg gabha;

Cormac báille. Is minic ar lár é go díreach ar lorg sloinnte: Tomás Breatnach, file; agus trí aithris air sin, Críost Rí; Parthalán Ó hEachthairn, Taoiseach; Micheál Ó Máirtín, Aire Oideachais agus Eolaíochta.

  • 7.13 Úsáidtear an t-alt ar lorg aidiachta faisnéisí in ainmní abairte aicme mar: is breá an lá

é; b'aoibhinn an aimsir í; is beag an rud is buaine ná an duine. Ach más aidiacht éiginnte an fhaisnéis ní bhíonn an t-alt ar a lorg: is beag rud a fuair sé.

  • 7.14 Úsáidtear an t-alt freisin sna cásanna seo a leanas

lle tobainne, iontas, scanradh a léiriú: chuala sí an scairt taobh thiar di; chonaic sé an duine cúpla slat roimhe, roimh an aidiacht uile mura bhfuil gach roimhe: an uile lá (dhuine); ach gach uile dhuine. Is forainm uile in sin uile, roimh iliomad, iomad, iomarca, oiread, uafás, sluaite, céadta, mílte i bhfrásaí mar an iomad (iomarca, oiread, t-uafás) daoine; na sluaite ban; na céadta (mílte) páiste (duine, fáilte), roimh roinnt frásaí a bhfuil cruth na cinnteachta orthu ach a mbeadh a mbrí éiginnte gan an t-alt: an Choróin Mhuire; an Leabhar Eoin; an Pota Pádraig; an Dord Fiann; an Tadhg an dá thaobh is mó in Éirinn; is mór an trua Muire é ; nach é an grá Dia é? nuair a bhí an uair an chloig istigh. In ionad na haidiachta sealbhaí: scoiltfidh mé an cloigeann aige; briseann sé an croí ionam. Le hainmneacha teangacha nuair atá a mbrí forleathan: is í an Ghaeilge teanga ár sinsear; tháinig an Béarla isteach; bhí an Ghearmáinis go maith aige. Ligtear an t-alt ar lár mura bhfuil an bhrí forleathan: abair i mBéarla é; cuireadh Fraincis ar an mBíobla; tá Gréigis aige; leabhar Spáinnise. lroimh ainmneacha na laethanta, na míonna, na séasúr, agus féilte áirithe: an Luan; deireadh na Bealtaine; is fearr liom an samhradh; timpeall na Cásca. Ach féach 7.15. Le tinnis áirithe: an bhruitíneach; an triuch; an déideadh; an bholgach; na creatha. Le breis nirt a thabhairt don ainmfhocal: is tú a fuair an crá croí; is aige a bhí an chiall. Le cúpla ainm pearsanta; Calbhach, Dualtach, Feardorcha, Laoiseach: tá an Dualtach pósta ar dheirfiúr an Fhirdhorcha; (sloinne) Mac an Chalbhaigh; bean an Laoisigh.

  • 7.15 Is iondúil nach n-úsáidtear an t-alt le hainm cinnte má tá ginideach cinnte faoi réir aige: fear an tí; glór mo mháthar; barr gach crainn; obair Sheáin. Le bhfrásaí dobhriathartha áirithe: tá sé anseo ó mhaidin; bhí sé amuigh ó oíche; fan go tráthnóna (Samhain, Luan); faoi Bhealtaine; um Nollaig; lán go béal; Dé Luain (Máirt,

etc.).

  • 7.16 Is féidir an t-alt a ligean ar lár in abairtí copaileacha den sórt seo a leanas ina bhfuil

clásal ag cáiliú an ainmfhocail:Is í aidhm atá ag Studia Hibernica...Is í bean (an bhean) í is éagsúla dár bhuail umam riamh. Is é [an] rud a rinne sé an bhó a bhleán. Is é [an] rud a bhí sé ina chodladh. Éóg1916 20:40, 10 Feabhra 2011 (UTC)[reply]