Plé:An Córán

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Plé:An Córan)

Al-Fatiha[athraigh foinse]

Cad as a thagas an leagan den chead sura ata ar an leathanach seo? Tchitear dom go bhfuil se michruinn i gcupla ait.

Chuala me go bhfuil tionscnamh ann aistriuchan Gaeilge iomlan den Choran a dheanamh - an bhfuil fhios ag einne cad e stadas an tionscnaimh siud? Palmiro 14:33, 21 Aibreán 2006 (UTC)[reply]

Mé féin a chuir Gaeilge air. Níl Araibis agam, ach bhí taobhshúil agam ar na leaganacha Fionlainnise agus Sualainnise. Má tá moltaí agat leis an gceann sin a cheartú, scríobh síos ar an leathanach plé seo ar dtús iad. Panu Petteri Höglund 15:48, 21 Aibreán 2006 (UTC)[reply]

  • Ní thuigim - ar chuir tú Gaeilge ar an súra amháin seo, nó ar an gCórán go hiomlán? :) Rinne mé teagmháil le hIonad Cultúrtha Ioslamach na hÉireann tamall ó shin maidir leis an gCórán aistrithe (tá sé críochnaithe de réir dealraimh), ach ní bhfuair mé aon fhreagra uathu. --Gabriel Beecham 19:35, 21 Aibreán 2006 (UTC)[reply]

Níor chuir mé Gaeilge ach ar an t-aon súra amháin sin. Mo léan géar. :( Panu Petteri Höglund 23:35, 21 Aibreán 2006 (UTC)[reply]

Ceart go leor. Mo chomhghairdeachas dhuit a Phanu ar an obair ata deanta agat ar an leathanach seo, dala an sceil. Seo coip den araibis traslitrithe o http://www.usc.edu/dept/MSA/quran/transliteration/001.html, le haistriuchan go Bearla de chuid Yusuf Ali on tsuiomh cheanna http://www.usc.edu/dept/MSA/quran/001.qmt.html ait a bhfuil dha leagan eile ann chomh maith (gabh mo leithsceal as an Bhearla a usaid, ach measaim go gcuideoidh se linn na ceisteanna a thuigbheail, no nil Araibis ag Panu agus nil fhios agam an bhfuil araibis ag Gabriel), an leagan Gaeilge ata ar an leathanach faoi lathair agus roinnt moltai uaimse. Gabhaigi mo leithsceal faoi easpa na sinte fada; nil siad agam ar an bhrabhsaer agus cra croi ata ann iad a choipeail on bhosca thios gach uair. (Is docha go mb'fhearr an rud iomlan a scriobh i Word, ach ta se ro-dheanach anois...) Panu, ta an Ghaeilge go laidir agat, i bhad nios mo na agamsa, agus fagfaidh me futsa mar sin teacs a chur le cheile!


1. Bismi Allahi alrrahmani alrraheemi

In the name of Allah, Most Gracious, Most Merciful.

In ainm Dé, an Fhuascailteora atá lán Trócaire!

Is abhar conspoide bri an da dhocal "al-ra7mán al-ra7ím", go hairid an chead cheann; "trocaireach" no "lan trocaire" ata i gceist, go bunusach no go simplioch, ag an bheirt, is docha, agus is minic a thugtar "the Merciful, the Compassionate" mar leagan Bearla air.

2. Alhamdu lillahi rabbi alAAalameena

Praise be to Allah, the Cherisher and Sustainer of the worlds

Moladh go hard le Dia, Tiarna an Domhain,

Ni thaitnionn Bearla Yusuf Ali liom anseo. Ciallaionn an araibis "moladh le Dia, Tiarna na ndomhan" - uimhir iolra "anomalous" ata san araibis "`álamín", de reir dealraimh - agus ta bri "rabb" cosuil go leor le bri an fhocail Ghaeilge "tiarna" (san usaid reiligiunach no deasghnathach go hairithe, agus san usaid choitianta i gcoitinne). Nil ciall "moladh go hard" le tuigbheail on araibis, "moladh" go lom is bri le "7amd"

3. Alrrahmani alrraheemi

Most Gracious, Most Merciful

Uilechumhachtach, lán Trócaire,

Tchifidh sibh gur ionann an Araibis anseo agus sa chead vearsa, agus mar sin is coir an Ghaeilge cheanna a chur orthu an bheirt fosta.

4. Maliki yawmi alddeeni

Master of the Day of Judgment

Príonsa na gCríoch Déanach.

"Sealbhoir" an bunbhri ata ag "Malik". "Yawm al-din" ciallaionn se "La an reiligiuin" go litriuil, ach mas buan mo thuiscint an La Deiridh ata i gceist.

5. Iyyaka naAAbudu wa-iyyaka nastaAAeenu

Thee do we worship, and Thine aid we seek

Tusa a adhraímid, Ortsa a iarraimid tarrtháil

"cabhair a iarraidh" an bri ata ag an bhriathar araibise "nasta`ín"

6. Ihdina alssirata almustaqeema

Show us the straight way

Taispeáin dúinn an bealach ceart

"Treoraigh", is docha, is fearr (as mo stor focal fein, ar aon doigh) mar aistriu ar "Ihdina". Usaidtear an t-ainmfhocal gaoltach, huda, chun an treoru (le ciall moralta no reiligiunach no spiridiuil) no an cheart-tuiscint a chur in iul. "Díreach" seachas "ceart" an bhri litriuil ata ag "mustaqeem". Ach ni usaideann aon cheann den tri aistriuchan Bearla "guide", rud a raibh suil agam leis, agus b'fheidir gur choir tuilleadh machnamh a dheanamh ar aistriuchan na briathra.

7. Sirata allatheena anAAamta AAalayhim ghayri almaghdoobi AAalayhim wala alddalleena

The way of those on whom Thou hast bestowed Thy Grace, those whose (portion) is not wrath, and who go not astray

A mbealach siúd a fuair do bheannacht, Seachas a mbealach siúd a tharraing d'fhearg orthu féin agus a chuaigh ar strae

"ar bhronn tu do ghrasta orthu", dar liomsa, is fearr ná "beannacht" mar aistriuchan ar "an`amta". Ta an t-aistriuchan Gaeilge den dara chuid den vearsa seo go brea, measaim; pointe beag, ni deir an araibis "tharraing siad do fhearg", ni deir ach "a bhfuil [do] fearg [tagtha] orthu".

Ta suil agam go gcuidionn se seo le cursai; ma bhionn an t-am agam - ach is baolach nach mbeidh go ceann piosa fada - deanfaidh me iarracht eolas nios sainsonruithe agus nios cruinne a lorg. Palmiro 12:08, 22 Aibreán 2006 (UTC)[reply]

Rinne mé leasuithe ar an aistriúchán mar a mhol tú. Sílim go bhfuil sé níos nádúrtha mar Ghaeilge anois, fosta. Maidir le "Lá an Luain", sin é an téarma a bhí ag Seán Bán Mac Meanman ar "Judgment Day", agus mar sin, is téarma Gaeltachta é. Panu Petteri Höglund 01:37, 29 Aibreán 2006 (UTC)[reply]

The most recent change is not as Gaeilge - maybe its Turkish? I suggest a reversion to the most recent version. RóC 17:19, 16 Lúnasa 2007 (UTC)[reply]