Plé:Albain

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

A Mheabhair, cad iad na logainmneacha nach bhfuil tú cinnte fúthu? Tá atlas Gàidhlig maraon le hatlasanna Gaeilge agam. Evertype 14:52, 21 Oct 2004 (UTC)

Bhuel, bhíos ag brath ar mheascán de mhapa Gaeilge a bhí leabhar Béarla ar Albain, roinnt a bhí ar meolas, agus an alt gearr a bhí in gd. Ach tá fáilte romhat dul tríotha agus ceartúcháin a dhéanamh. Táimid á gceartú de réir a chéile, agus sílim go bhfuil cupla chaolas, fiord, srl, fós le cur i nGaeilge.

Cén saghas focail é 'mnáríthe' (nasc)?

Maidir leis an dara cheist, níl a fhios agam cé a chuir é, ach is dóigh gur é "mnárioghain" nó "mnáríon" an t-iolra atá ar bhanríon. Níl teacht agam láithreach ar fhoclóir ga. Meabhar 17:52, 16 Dec 2004 (UTC)
'Banríonacha" atá i bhFoclóir Uí Dhónaill.

Ainm na tíre[athraigh foinse]

Ceist eile. Tugann de Bhaldraithe, agus gach foclóir ina dhiaidh i nGa na hÉ Albain ar Scotland san ainmneach uathu. Bhíos féin dearfa de gur Alba ar chóir a bheith anseo, Albain sa tabharthach uathu, agus Alban sa ghinideach uathu. D´fhéachas ar an bhfoclóir breá ón RIA sa seanGh, agus mé in Éirinn le gairid (Hodges Figgis, Sr. Dawson), agus is í Alba an ainm. u., ach tá malairt foirme sa chuspóireach (? Albain), agus tá an t.g. agus t.t. mar atá thuas. Is é mo mheas féin gur é Alba an ainm.u. ceart, agus is mar sin atá sé i seanfhoinsí i gcónaí, sílim,ach gur mó úsáide a bhaintear as an t.t. i gcás tíre.

An bhfuil difríocht idir ainm. agus cusp. i bhfoclaibh eile Ga? An aontaíonn na saineolaithe liom gur í ´Alba´ ceartainm na tíre? Ní dóigh liom gur leor réiteach GB, ag cur malairt leagaine ag tús an ailt. Meabhar 20:32, 16 Dec 2004 (UTC)

Ní mórán focail Gaeilge a bhfuil foirm cuspóireach acu. Ní saineolaí mé ach measaim freisin gur é Alba an ainm is fearr, ach caithfidh muid an fhoirm de Bhaldraithe a chur san alt in áit éigin. Mar a deireann tú, is é sin an focal atá le fáil níos minicí sna foclóirí. B'fhéidir gur féidir an leagan Albain a chur in áit eile sa chéad paragraf. -Gabriel Beecham 20:59, 17 Dec 2004 (UTC)
Ní dóigh liom gur ghá a bheith chomh umhal do de Bhaldraithe. Ar nós aon fhoclóir mar é, tá dearmaid ann. Measaim féin gur údarásaí foclóir Uí Dhuinnín, agus ó fhoclóir stairiúil an RIA freisin, tá sé soiléir go maith domsa, ar aon nós, go bhfuil dearmad i gceist. Agus ní sa stair amháin atá an fhoirm Alba, ach is é atá i gcónaí i nGaeilge na hAlban féin, agus i sean-fhoinsí na hÉireann uilig. Measaim féin go bhfuil Albain mar ainm. uathu mícheart, agus gur cheart é sin a shoiléiriú. B´fhéidir gur chóir dúinn píosa beag a chur i dtús na nalt leis na tuisil, an inscne, srl, ar nós na foclóirí is fearr. Meabhar 07:31, 18 Dec 2004 (UTC)
Tá an seantuiseal ainmneach uatha caillte sa Chaighdeán. Tá an tabharthach uatha ina áit anois. Mar sin: a. Alba, g. Alban, t. Albain > a.d. Albain, g. Alban. Thárla an rud céanna le Manainn: a. Mana, g. Manann, t. Manainn > a.d. Manainn, g. Manann. Tharla an rud chéanna i nGàidhlig: Tá an ainmneach Eire caillte acu, agus úsáidtear Eirinn in aice leis an ginideach Eireann. Evertype 21:12, 26 Nol 2004 (UTC)
A Evertype - cá bhfuair tú an tseoid seo. Ní mórán úsáide a bhaintear den tuiseal ainmneach nó cuspóireach i gcás tíortha i ngnáthchaint, agus dá bhrí sin, níl mórán céille a bheith ag rá gur cailleadh an fhoirm Alba.
Agus daoibhse atá ag athainmniú an ailt, caithfear a rá gur sibhse atá á dhéanamh gan phlé cheart, idir Nollaig agus bliain nua. Ar an gcéad dul síos, foilsíodh Dineen i bhfad roimh an Gúm agus roimh an Caighdeán Oifigiúil. Maidir leis na foclóirí eile a luann Evertype i lch plé Oileáin Mhanann, is léir go leanann gach ceann eile de Bhaldraithe, ach má bhactar tagairt do fhoinsí cearta, feicfidh sibh go bhfuil dearmad ar na foclóirí seo. Agus tá Dineen i bhfad níos údarásaí ná an chuid eile des na foclóirí curtha le chéile. Agus mhíníos an scéal seo cheana, agus ní rinne Evertype ach athscríobh a dhéanamh ar ábhar na bhfoclóirí, agus, mar is gnách, rá gur ¨acu atá an t-údarás.¨ Níl a fhios agam go hiomlán cén scolaíocht a fuair E, ach tá súil agam go mbíonn sé níos mó ar airdeall ina chuid oibre eile, agus gan a bheith ag athscríobh dearmaid a ghlacann sé ó fhoinsí eile.
Caithfear cloí le foirmeacha atá ceart, agus dearmaid a cheartú. Tá méid réasúnta dearmad i de Bhaldraithe agus sna h-údaráis eile, agus is cóir glacadh le foirm atá ceart, seachas a bheith ag glacadh go dall le foirmeacha atá mícheart, ach atá ¨ag na h-údaráis.¨
Agus measaim féin go mbeadh sé béasach dá gcuirfeadh sibh an ceist faoinár mbráid i gceart, sul má thosaítear ag aistriú. Bhí daoine sásta go maith le ¨Alba¨ mar theideal ar feadh roinnt mhaith míosa, agus aistrítear an alt idir Nollaig agus an bhliain nua, gan cheart, gan chomhairle. Meabhar 23:17, 12 Ean 2005 (UTC)
Cá bhfuair mé an scéal sin? I stair theangeolaíoch na Gaeilge. Ba cheart don Vicipéid cloí leis an gCaighdeán. Is cuma cé chomh údarásaí a chreideann tú go raibh an Duinníneach. Is é an Caighdeán Oifigiúil atá glactha mar litriú na Gaeilge in Éirinn. Agus, dála an scéil, níl ceart agat maidir le Albain/Alban ó thaobh na teangeolaíochta de. Evertype 12:16, 22 Ean 2005 (UTC)
Sin é an freagra atá i gcónaí agat. Tá dearmaid sa gcaighdeán - níor athraigh an scéal i gceart maidir le hAlban ón na 40í. I 1940, ina leabhar ¨Gnás na Gaedhilge¨, tugann Cormac Ó Cadhlaigh ¨Alba¨ ar an tír, mar a thug gach údar ar fiú trácht air le 500 bliain. Is é atá ag an Duinníneach. Is meascán é ¨Albain¨ a chur san ainmneach. Agus ní tusa teomheá na Gaeilge ná na Caighdeána. Is cosúil gur é léamh na Caighdeána an príomhtionscnamh atá agat anseo. Níl sé ceart a bheith ag aistriú lgh mar sin, gan chomhairle. Agus níor thug tú freagra ariamh ar an gceist seo faoi bhunús an athrú seo ón nGúm, srl, in ainm na tíre. Agus ó do nóta, is léir nach bhfuil sé ar do chumas cinniúntaí a dhéanamh ar cheart na Gaeilge, agus d'fhéachfainn arís ar an Duinníneach má cheapann tú nach bhfuil mór-údarás aige. An bhfuil eolas agat ar an gcaoi ar tháinig an Chaighdeán Oifigiúil ar an saol? Ní mar tharcaisce d'aon duine dá chomhluadar é, ach is léir domsa gur fhreagra gearr ar scéal casta a bhí, agus atá, ann. Meabhar 02:15, 23 Ean 2005 (UTC)

Bhí sé amaideach bheith dá alt ann, Alba agus Albain. Tá mé i ndiaidh cumascadh Alba go dtí Albain, mar gurb é Albain an t-ainm sa Chaighdeán Oifigiúil. Is athsheoladh Alba anois. Tá a fhios agam go ndeir a lán Gaeilgeoirí (na hÉireann) Alba sa tuiseal ainmneach, ach is cóir do Vicipéid bheith scríofa sa Chaighdeán. Ní béaloideas agus ní téacs canúnach atá i Vicipéid. --Angr/(comhrá) 08:45, 12 Bea 2005 (UTC)

Ar mhaith libh é a chur faoi bhráid Fóras na Gaeilge? Agus beidh sin an deireadh focail leis? Is gá gach duine a athaontasú sula chur sé. - Dalta 18:32, 27 Bea 2005 (UTC)

Ainm an lgh[athraigh foinse]

Caithfimid ainm an lgh seo a chinntiú anois - tá an díospóireacht seo tar éis ag lean ar aghaidh ar feadh na míonna fada cheanna. Ghlasáil mé an lch ó gluaiseanna, mar sin, nach mbeidh aon duine á chosc mar gheall ar an leathanach seo.

A Mheabhair, más mian leat bheith i do riarthóir, caithfidh tú cur suas leis na rialacha atá againne maidir leis an ceadúnas. Ón GFDL:

You may copy and distribute a Modified Version of the Document...In addition, you must do these things in the Modified Version:
...List on the Title Page, as authors, one or more persons or entities responsible for authorship of the modifications in the Modified Version, together with at least five of the principal authors of the Document (all of its principal authors, if it has fewer than five), unless they release you from this requirement.

Má ghearrtar an téacs as alt chun é a ghréamú isteach faoi ainm eile, cailltear an stair athraithe atá ann sa leathanach staire. Anuas ar sin, tá sé i bhfad níos deacaire stair leathanaigh a léamh má tá daoine ag athrú ainmneacha anonn is anall go buan.

Má tá sé uathu go hathainmneofar an leathanach, cuir iarratas chuig riarthóir nó duine eile atá le na cumhachtaí riachtanacha aige. Muna bhfuil daoine eile sásta leis an gcinneadh sinn, tá sé cóir é a phlé ar an leathanach plé. --Gabriel Beecham 23:09, 8 Lúnasa 2005 (UTC)[reply]

Bhí gach argóint pléite cheana féin, a Ghabriel. Albain an tuiseal ainmneach den fhocal seo sa Nua-Ghaeilge. Evertype 10:35, 9 Lúnasa 2005 (UTC)[reply]
Roinnt argóintí a scríobh mé anuraidh faoi Albain agus faoi Oileán Mhannan:
Bhí Éire, Alba, agus Mana sa tuiseal ainmneach, tráth, ach chailleadh Alba agus Mana in Éirinn i bhfabhar Albain agus Manainn. In Alban a tharla a mhalairt: choinníodh Alba ansin, agus chailleadh Eire agus níl ach Eirinn in úsáid mar thuiseal ainmneach i nGàidhlig. Is féidir leat creideamh go bhfuil earráidí i bhfoclóir de Bhaldraithe. Ach mar a dúirt mé: "Ba cheart don Vicipéid cloí leis an gCaighdeán, agus ciallaíonn sin de Bhaldraithe, Dineen, agus foclóirí eile de chuid an Gúm. Tíreolaíocht agus Pleanáil: Albain f., gen. na hAlban. Foclóir Póca Albain f., g. na hAlban. de Bhaldraithe, idem. Atlas a Dó do Scoileanna na hÉireann 1978: Albain. Collins Gem Irish Dictionary 1995: Albain. Gramadach na Gaeilge agus litriú na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil 1958, 1979: Albain. Ní caighdeánach é foclóir an Duinníneach." Agus bhí na rudaí seo ráite agam ar Plé:Albain ar Lá 'le Stiofáin. Evertype 12:11, 22 Ean 2005 (UTC)
Níl aon cheist le plé. Ba cheart don Vicipéid cloí leis an gCaighdeán. Cicipléid is ea í. Evertype 08:04, 10 Lúnasa 2005 (UTC)[reply]

Níor chuala mé cheana, i mo shaol, éinne ag úsáid "Albain" go anois, taobh amuigh den foclóir. Cén chanúint í sin? Cuir Mise An Locht Ar Na Tuistí 03:26, 13 Lúnasa 2005 (UTC)[reply]

Come on, people, get a grip. Many native speakers use words or wordforms that differ from the Official Standard. Nevertheless, unless we are writing novels or poetry, we use the Official Standard. I have tried to explain the linguistic facts here, on various talk pages, and on the Isle of Man page. I'm using English now so everyone can get it clearly. A variety of nouns in Old Irish are called n-stems. Most of these had no original final -n in the nomininative singular case; the -n shows up in the oblique cases. Of interest here are (as pointed out above), the names Éire (orig. Éiriu), Alba (orig. Albu), agus Mana. One of the interesting things about cases is that the oblique cases, because they are used in speech more often than the nominative case, often take over and replace the original nominative. That is what happened in Irish. While we retain Éire n., Éireann g., Éirinn d., we lost the nominative in the other languages: Albain n., Alban g.; Manainn n., Manann g. In the other Gaelic languages, similar shifts occurred. In Manx, we have Nerin n., g. (orig. Yn Erin); Mannin n., g.; and, a bit unusually, Nalbin n. (orig. Yn Albin), Albey g. In Scottish Gaelic, the nominative without -n was retained in Alba n., Albann g., Albainn d.; but lost in Éirinn n., d., Éireann g.; Manainn n., g. Now Albain is the nominative form given in de Bhaldraithe 1959, the Collins Gem 1995, the Oxford Irish Minidictionary 1999, Atlas a hAon do Scoileanna na nÉireann 1977, Atlas Bunscoile 2001, Tíreolaíocht agus Pleanáil 1981, Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge 1958, 1979. For the Irish Wikipedia to be a credible encyclopaedia, it must use the Caighdeán Oifigiúil. When we differ about spelling, we can answer the question by taking recourse in the Caighdeán Oifigiúil. If we do not stick to the standard, we shall make the Vicipéid useless to school teachers, who are obliged to teach the standard, and we will have nothing to face but chaos when it comes to settling spelling disputes. Evertype 10:55, 13 Lúnasa 2005 (UTC)[reply]
Ait go leor, ní fheiceann aon duine eile againn gá leis an mBéarla ar an lch seo. Cé dó go díreach a bhfuil tú ag plé as Béarla anseo? Agus tá eolas agam ar neart daoine a úsáideann Alba go leanúnach ina gclann ó aimsir an Duinnínigh agus b'fhéidir ó aimsir Fhinn Mhic Chumhaill, agus is fuath linne truailliú den tsórt seo, ag cur Albain san ainmneach. Ní fheicim faic id chuntas Béarla anseo nach bhfuil luaite cheana. Ach caithfear an fhírinne lom a rá - féachaigí cad a tharla do Ghaeilge Mhanann - thacht sí í féin le truailliú sular bhásaigh sí. Ní ró-fhada uaidh sin anois muidne. Is secondary sources atá agat ar fad anseo nach mór, cés moite d'fhoclóir de Bhaldraithe agus an leabhráinín a d'adhain an Chaighdeán. Agus, mar a luaitear sa Bhéarla, d'fhéadfadh easpag dearmad a dhéanamh! Agus maidir le "nach bhfuil in úsáid a thuilleadh," agus a leithéid, bhí Gaeil i gcónaí nach bhfaca ceart na Gaeilge ach ina gcanúint agus ina bhfochanúint féin. Leanann sé sin, agus b'fhéidir lucht na cathracha ag cur leis an raic, ag rá linne Gaeilgeoirí nach bhfuil ceart ach sa Bhíobla 'Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge' amháin, agus go bhfuil breall ar gach duine eile. Ní fheictear domsa go gcuireann de Bhaldraithe, Ó Domhnaill agus dream seo na bhfoclóirí gach eile ar scríobhadh ar neamhní, agus ar nós chuile dhuine nó grúpa ciallmhar, shílfinn go mbeidis sásta ath-bhreithniú a dhéanamh ar chuid dá gcuid cinniúintí.
Agus maidir le bhur gCaighdeán, más sin atá ag cuid agaibh in bhur gcuid scríobhneoireachta anseo, caithfear a rá nach Gaeilge é. Tá i bhfad an iomad raic agus stracadh ag daoine ag léachtóireacht ar an gCaighdeán bheannaithe seo nach toil leo féin faic fiúntach a scríobh sa Chaighdeán nó lasmuigh di. Ach táimid buíoch as ucht na léachtaí. Agus nuair nach n-éiríonn leo ina gcuid léachtaí, deineann siad riarthóirí vicipéide díobh féin le trí vóta vs dó (tharlódh gur thugas vóta dóibh mé féin le cosc a chur ar mhonoplacht), agus tosaíonn siad ag cur cosc ar dhaoine atá ag scríobh go h-ionraic. Ní nach ionadh, níl ráth ar an vicipéid. Meabhar 21:25, 4 Aibreán 2006 (UTC)[reply]

Dar ndoigh, chan amhain "Albain" seachas "Alba" ach "Eirinn" seachas "Eire" chomh maith is mo ata ar bheal na ndaoine. Cinnte, is foirm stairiuil i Alba ach chan usaidtear a thuilleadh i (is ionann an sceal le "abha"). Ach sin ceist gramadai: ar deireadh thiar is ag Evertype ata an ceart go hiomlan, ni mor duinn cloi leis an Chaighdean. No ar a laghad, mas mian le duine ar bith malairt caighdeain a mholadh don suiomh seo, pleifimis sin agus togaimis cinneadh faoi - ach ni fheictear dom go ndearnadh a leitheid anseo. 194.126.10.35 09:20, 11 Deireadh Fómhair 2005 (UTC)[reply]

Albainis?[athraigh foinse]

Mo chreach sa thainig! Is GAIDHLIG "Albainis" fein. Nil LOWLAND-Scots.

'S e sin an fhirinn. Mu tha sibh a dol a dh'èibheach "Albainis" air a'Bhéarla Gallda/Lowland Scots bu choir dhuibh "Eirinnis" thoirt do Bhéarla na h-Eirinn mar ainm. Cho fad 'sa tha fios agam tha "Béarla Gallda" ann an Gaeilge mar ainm do Lowland Scots anns an aon dòigh a tha "Beurla Gallda" againn anns a' Ghàidhlig. Tha an t-ainm seo nas aosd agus nas fir gu h-eachdraidheal na tha "Albainis" - 'Neologosism' gòrach, mearachdach a thàinig cunnd bhon a Bhéarla an àite an t-ainm cheart Gaidhealach "a'Bheurla Gallda/Béarla Gallda". An Siarach 16:05, 28 Samhain 2006 (UTC)[reply]

Na Scoit[athraigh foinse]

Ón alt: "Ba threibh Ghaelach in Éirinn iad na Scoit". Seafóid amach is amach é seo! Ní raibh treibh ar leith in Éirinn arbh ainm dóibh "Na Scoit". Is ionann "Scot" agus "Gael". Bhí gach uile Éireannach ina Scot an uair sin.Murchadh 03:36, 12 Lúnasa 2010 (UTC)[reply]

Tá an ceart agat. Feabhsaithe anois. Tameamseo 10:38, 12 Lúnasa 2010 (UTC)[reply]

Naisc go leathanaigh nach bhfuil go fóill i láthair[athraigh foinse]

A dhaoine uaisle, An miste le héinne má ghabhaim amach na naisc atá san alt seo go dtí leathanaigh nach bhfuil go fóill i láthair? Ar ndóigh, tuigim gur cuireadh iad isteach chun daoine eile a spreagadh chun na hailt sin a chruthú, ach ceapaim gur dócha nach gcruthófar an méid sin go tamall an-fhada, agus mar sin is dóigh liomsa gur fearr iad a ghabháil amach, ionas go mbeadh cuma níos deise ar an leathanach do na daoine atá á léamh. Céard a mheasann sibhse?

--AdamLibh (plé) 11:06, 27 Lúnasa 2019 (UTC)[reply]

B'fhéidir go bhfuilimid ar aon tuairim faoi seo. Cuireann naisc dhearga isteach ar an léitheoir. Ba chóir a lán díobh a scriosadh. Ach déanaimis rogha ciallmhar agus muid á mbaint de na hailt. Fágtar na cinn a bheadh is úsáidí. Treoir d'eagarthóirí iad chun ailt nua a chruthú. Agus nuair a chuireann duine alt nua suas ar Vicipéid ba chóir dul ar lorg tagairtí d'ábhar an ailt nua agus nasc a chur ar bun má's gá. SeoMac (plé) 02:10, 28 Lúnasa 2019 (UTC)[reply]