Plé:Acht an Aontais

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ghearr mé an mír seo amach, mar tá sé le fáil san alt Acht an Aontais 1800 cheana. --Antóin 17:53, 17 Meitheamh 2008 (UTC)[reply]

Acht parlaiminte a ritheadh an 1ú Lúnasa, 1800 agus a d'aontaigh Éire leis an Ríocht Aontaithe, a raibh Sasana, an Bhreatain Bheag agus Albain ann cheana féin, a bhí in Acht an Aontais 1800. Ón 1ú Eanáir 1801, nuair a cuireadh i bhfeidhm an tAcht, go dtí an 6ú Nollag 1922, ba thír laistigh den Ríocht Aontaithe í Éire. Lean an tAcht seo Éirí Amach 1798 in Éirinn, éirí amach a raibh an-tacaíocht aige i measc na bProtastúnach agus na gCaitliceach araon, agus a bhí faoi thionchar an Soilsiithe san Eorap agus réabhlóidí Mheiriceá agus na Fraince. Measann R.F Foster ina leabhar staire gur fíorbheag an t-athrú a rinne an tAcht d´Éirinn, mar nach mórán cumhachta a bhí ag parlaimint Bhaile Átha Cliath ar an gcéad dul síos.