Plé:Éire

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teideal agus ábhar[athraigh foinse]

Is ionann Éire agus an tír. Is ionann an tír agus an t-oileán. Tá Stát (an Phoblacht) agus réigiún a rialaíonn an Bhreatain .i. réigiún sa Ríocht Aontaithe sa tír/oileán. Má táthar le plé léi cuirtear síos an t-eolas ginearálta faoi tír - stair, tíreolaíocht, géolaíocht srl - faoi Éire. Is féidir an pholaitíocht agus staitisticí srl a phlé faoi "Éire (Poblacht)" agus "Éire (Tuaisceart Éireann). Alfraits.

Hmm.. níl 'fhios agam. Cad iad na hainmneacha is riachtanacha do Éire, Poblacht na hÉireann agus Oileán na hÉireann? -- Gabriel Beecham 21:59, 25 Már 2004 (UTC)

Ceist deacair. Níl 'fhios agam, ach ní Éireannach mé. -- Decumanus 05:16, 26 Már 2004 (UTC)
Is í Éire teideal oifigiúl an stát, feach ar phas Éireannach mar shampla. Ní theideal oifigiúil í 'Poblacht na hÉireann', ach amháin as Béarla (Republic of Ireland). Ach mar sin, is lámháil é 'Poblacht na hÉireann' a úsáid in áit 'Éire' mar teideal an alt faoin stát - chun idirdhéalú a dhéanamh idir stát is oilean. (Níos fearr na 'Éire (stát)').
Sa Bhéarla úsáidtear 'Ireland' ar iomlán an oileán, mar sin, is oiriúnach an teideal 'Éire' den oileán anseo freisin.
Ba cheart go bhfuil an stát nó an oileán ar an leathanach seo, ní amhain nascanna chuig ailt eile. (disambigution - an é 'soiléiriú' an focal ceart?)
Sin iad mo smaointe - cad a smaoinaíonn sibh faoi sin?
Zoney 23:55, 26 Már 2004 (UTC)
disambiguation idirdhealú?:
Éire:
*Éire (stát)
*Éire (oileán) (nó Oileán na hÉireann)
agus redirection athsheoladh
Poblacht na hÉireann -> Éire (stát)
An Phoblacht na hÉireann-> Éire (stát)
agus
Éire (oileán) -> Oileán na hÉireann
Oileán na hÉireann -> Éire (oileán)
Is maith liom Oileán na hÉireann-> Éire (oileán). Tá sí parailéalach.
-- Decumanus 19:54, 27 Már 2004 (UTC)
Aontaím go hiomlán le Éire (oileán) is Éire (stát). Céard faoi daoine eile? (Agus, is é 'athsheoladh' an Ghaeilge ar 'redirection', agus 'idirdhealú' ar 'disambiguation'. Is docha :-) )-- Gabriel Beecham 21:28, 27 Már 2004 (UTC)
Ní aontaim le seo - cheapaim gur cheart go bhfuil roinnt eolas ar an leathanach 'Éire', ní amhain 'idirdhealú'. Eolas faoin oileán nó an stát agus nasc ag barr an leathanach chuig 'Éire (stát)' nó 'Éire (oileán)'. Beadh sé consistent leis an leagan Béarla dá raibh an leathanach 'Éire' faoin oilean le nasc go 'Éire (stát)'.
Zoney 19:26, 28 Már 2004 (UTC)
I think... The article 'Éire' is to be about 'Poblacht na hÉireann'. If guidance for 'Oileán na hÉireann' is noted at the top of article 'Éire', maybe it is not necessary to disambiguate. Akio 16:49, 29 Már 2004 (UTC)
I agree with Akio, although it is also possible we could have the Éire page be about the island, with a link at top of page to 'Éire (stát)' - the only reason I'd prefer this is to be consistent with the English Wikipedia.
Mo leithscéal faoin Bhéarla - ach is soileár é do gach éinne.
Zoney 17:36, 29 Már 2004 (UTC)
Aontaím leat, Zoney. For the name of article linked from 'Éire', I prefer (if anything) 'Poblacht na hÉireann' than 'Éire (stát)', but it will be a slight difference for me. I'll follow everyone. Thanks.Akio 19:21, 30 Már 2004 (UTC)

Meabhar, a scríobh an alt, le cupla thuairim Hmm! Níor cheapas gur rud chomh conspóideach a bheadh ann nuair a chuireas tús ceart leis an alt seo. Agus is maith an tsuim a fheiscint - bfhéidir go bhfuil daoine anseo le níos mo eolais ar an dtír ná mé Mo bharúil fein - 'Éire' is ainm don oileán, don tír ar fad go stairiúil go 1922 nó mar sin, agus ar ndóigh nuair a labhartar ar an rud ar fad, cuma an náisiún nó oileán (ní stát amháin faoi lathair é, más as Jupiter thú!) nó rud eile a thugtar air. Ach ma scríobhtar Éire(stát) - níl ciall leis seo i nGaeilge, óir tá daoine a déarfadh go bhfuil stát nó cuid de stát eile ar chuid d'Éirinn (is cuma nach Gaeilge a labhraíonn siad!)

Mar sin, ba chóir naisc a bheith sa réamhrá den alt "Éire" (gan modifier), mar atá on gcéad lá, don dá roinn pholaitiúl atá againn faoi láthair, 'Tuaisceart Eireann' agus 'Poblacht na hÉireann'. Is féidir linn ár rogha de naisc ón domhain lasmuigh de Wiki a shá ag bun an ailt.

Maidir le conas an t-eolas ar stair, creideamh, tír, teanga, obair, srl a roinnt - 'sé mo bharúil go mbaineann tíreolaíocht leis an tír ar fad, agus mar sin gur chóir an chuid is mó de a bheith le 'Éire.' Mar an gcéanna leis an stair go dtí 1922 nó mar sin, cuma céard a dhéanann Wiki an Bhéarla nó teangacha eile. Agus an stair, obair, géilleagar, srl ina dhiaidh sin a bheith gearr in 'Éire', agus a bheith ar fáil don chuid is mo in'iontrálaithe an dá roinn pholaitiúl. Ní fheicim go dtabharfadh sé seo masla nó míshocracht do dhuine ar bith, agus ní fheicim aon réiteach ciallmhar eile.

Má thosaimíd ag caint ar 'oileán na hÉireann' mar theideal, ní bheidh deireadh go deo leis an rírá seo. Níl gá againn leis an meascán atá ar bun ag páipéir Mheiriceá agus Shasana, ag tabhairt 'Eire', gan síne fada, ar na 26 chontae, agus ansin 'Ireland' ar an roinn chéanna, ionnas go gceapfá ná raibh baint dá laghad ag na 6 chontaethe ('Northern Ireland') leis an gcuid eile d'Éireann. Ní thugann an sochrú "Éire (Oileán)" , "Éire(stát)" ar aghaidh sinn ar chor ar bith. Ceapaim go bhfuil siadsin ata a lorg sort measctha suas le nua-ghnas aiteanna eagsula an domhain Bearla. Má tá ainmneacha níos céillmhire ag aon duine don dá roinn ná 'Tuaisceart Éireann' agus 'Poblacht na hÉireann' breac síos iad, ach ní fhaca mise anseo fós iad. Tá 'Saorstát Éireann' imithe as úsáid, sna 26 chontaethe ar aon nós, sular rugadh mise. Níl réiteach ciallmhar eile ar an ainm. Tá's agam nach dtaitneoidh sé seo le lucht rialtais agus lucht dlí P na hÉ fiú, ach ní fheicim reiteach ceart eile.

Agus, le bhur dtoil, an stopfaidh daoine ag cur naisc isteach in ailt tuairim, go h-airithe nuair nach bhfuil na hailt ann fós agus nuair nach bhfuil aontú eadrainn fúthu, Meabhar 22:35, 4 Lún 2004 (UTC)

  • Déanann tú go leor pointí súimiúla anseo, a Mheabhair. Ag smaoineamh ar anois, ceapaím gur ceart Éire a húsáid don oileán, Poblacht na hÉireann a húsáid don Phoblacht, agus Tuaisceart Éireann a húsáid, maidir le teidil. Ach, tá sé ríthábhachtach naisc a chur isteach sna hailt, cé nach bhfuil na hailt nasctha ann cheana féin! Sin an spreagadh chun ailt nua a chruthú - má tá tú ag léamh an t-alt Poblacht na hÉireann, agus má fheiceann tú nach bhfuil alt ann cheana féin do Uachtarán na hÉireann, agus má tá spéis agat san ábhar seo, tá sé an-easca an nasc a roghnaigh agus rud éigin a scríobh. -- Gabriel Beecham 23:07, 4 Lún 2004 (UTC)

Meabhar ag freagairt Aontaim leat anois don chuid is mo. Ceapaim go raibh sort mearbhaill i dtus an ailt seo, gur thuig duine/daoine eigin go raibh i gceist an alt Eire a chruthu agus nach mbeadh ann ach naisc leis na cinn eile. Ta naisc ann agam cheana fein, agus failteofar roimh an iliomad nasc eile! Dala an sceil, nuair a scriobhas an stumpa seo d'alt, ni raibh a fhios agam go raibh an chonspoid seo ann cheana fein. Agus le cunamh De ('bhfuil an focal sin ceadaithe ar an idilion agus Wiki? :) ) cuirfidh daoine beagan feola le naisc nuair a chruthionn siad iad. Beir bua.Meabhar 00:19, 5 Lún 2004 (UTC)

Is oileán Éire, ach tá i bhfad níos mó i gceist ná oileán - is tír go stairiúil agus go cultúrtha í, agus tá sé neodrach go maith a rá sa réamhrá gur faoin tír ina iomláine nó faoin tír i gcoitinn é, agus is féidir an nath faoi oileán a fhágáil más maith libh. Ach ní soiléiriú faoin ábhar san alt a rá gur faoin oileán, amháin, atá sé - cé go dtuigim an fáth a chuireann tú seo ann, is gá a rá gur alt faoin tír ina iomláine atá ann freisin. Agus ní gá do dhuine ach dearcadh ar an mapa, ar aon nós, le feiceáil gur oileán atá againn! Tá an réiteach seo neodrach go maith, go háirithe nuair a chuirtear naisc i dtosach, mar atá, leis an dá stát nó cuid stáit atá againn faoi láthair.Meabhar 15:26, 13 Sep 2004 (UTC)

príomhchathair?[athraigh foinse]

príomhchathair ar gach contae in Éirinn faoi láthair, de réir na táblaí sonraí atá curtha iontu. Ní dóigh liom go ndéanann sé seo ciall, mar ní luíonn sé le gnáthúsáid an fhocail cathair, agus níl daonra cathrach ag mórán de phríomhbhaile na gcontaethe.Meabhar 21:02, 21 Sep 2004 (UTC)

'Baile contae' a thugaimid ar na príomhbhailte de gach contae de ghnáth. Is gá ardeaglais bheith i ngach chathair ar fud na heorpa, rud nach bhfuil ach i bhfíorbheagán baile/cathair sa tír seo. Mar shampla, is cathair í Dún Phádraig i gcontae an Dúin, agus Ard Mhacha leis, mar gheall orthu seo na hardeaglaisí. Ach ní cathracha iad ó thaobh daonra. Is téarma é a athraíonn ciall de réir cultúir.

Tá tú i gceart maidir le Baile contae. Ach ní gá go mbeidh ardeaglais i ngach chathair Eorpach, go hoifigiúil. Tá mórán cathracha ann gan aon ardeagais. --Gabriel Beecham 20:39, 1 Nov 2004 (UTC)

Alt as en:[athraigh foinse]

Cuireadh an t-alt seo a leanas ar en:Ireland. B'fheidir go bhfuil cuid de usáideach anseo, ach nílim cinnte.

Ainmníter Éire uaireanta "Oileán an Smaragaid". Ta Inis Fóla (no Éireann) suite siar o Mór- roinn na hEorpa, agus in aice leis an Breatain Mór. Is "Inis Fóla", (Éireann as gaeilge, Airlann as Scots na hUladh) an tríu oileán is mór sa hEorpa. Ta sé ar an taobh thiar den farraige gaelach cóngarach leis an Bhreatain Mor. Ta se comhdeanta as Poblacht na hÉirinn sa deisceart is 'an Tuaisceart', ceantar den Ríoga Aontaithe. Is daonra na hOileáin 5.6 milliúin daoine. Sháraigh Daonra na Poblachta 4 milliúin le déanai don cead uair o 1871, mar gheall ar inimirce agus ráta nís airde bhreithe.

Zoney 14:53, 19 Nov 2004 (UTC)

Ainm an ailt[athraigh foinse]

Tá fhios agam go bhfuil neart díospóireacht fós déanta ar an ábhar seo ach táim féin beagneach cinnte go bhfuil an focaill mícheart á úsáid againn.

  • Is é Éirinn ainm an tír stáiriúl, an oileán, an réigiún tíreolaíochta. (I mBunreacht na hÉireann deirtear "náisiún na hÉireann", "Oileán na hÉireann" srl.)
  • Is é Éire ainm an stáit:
"Bunreacht na hÉireann - Airteagal 4':
Éire is ainm don Stát nó, sa Sacs-Bhéarla, Ireland."

Níl chiallíonn an focaill Éire faic, ach amháin an stát. As Béarla an ainm oifigiúl is ea Ireland ach úsáidtear The Republic of Ireland chun idirdhealú a dhéanamh idir an stát agus an t-oileán. Níl faic i bPoblacht na hÉireann ach Béarlachas (astriúchán díreach ó Republic of Ireland). Ba chóir go mbeadh na hainmneacha i gceart againn, ag úsáid teanga náisiúnta na tíre.

  • Éirinn=Island of Ireland
  • Éire =State of Ireland (.i. an Poblacht sa deisceart)
  • Tuaisceart Éireann= Northern Ireland (réigiún an Ríocht Aontaithe atá in Éirinn, ach nach bhfuil in Éire.)

An bhfuil an méid seo soléir? Nó an bhfuil faic eile le rá ag éinne? Seosamh 20:40, 20 Aibreán 2006 (UTC)[reply]


Tá brón orm, ach tá dul amú ort. Ó Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill, de chuid an Ghúm:

--Gabriel Beecham 20:02, 21 Aibreán 2006 (UTC)[reply]


Ceart go leor, a Ghabriel, má thá an taighde déanta agat glacfaidh mé d'eolais. Seosamh 22:22, 21 Aibreán 2006 (UTC)[reply]

Ta an ceart agat, a Sheosaimh, ar bhealach: usaidtear "Eirinn" mar ainm don tir srl sa Ghaeilge labhartha sa tuiseal ainmneach agus sa tabhartach araon. Ach nil se glactha sa Chaighdean Oifigiuil agus is fiorannamh a fheicfidh tu e sa teanga scriofa. Mar a leirigh Gabriel, nil ann ach foirm infhillte de "Eire" agus ni usaidtear e ariamh chun bri eagsuil a chur in iul (an stat seachas an tir, m.sh.). Palmiro 16:28, 22 Aibreán 2006 (UTC)[reply]

Á, feicim, sin mo fhadhb. Cá bhfaighfinn níos mó eolais faoin Chaighdeán Oifigiúil ar an idirlíon? An bhfuil leagan cruinn le fáil? Tá sé deachair bheith cinnte faoi nithe áirithe gan an eolais ceart. GRM aghaibh. Seosamh 16:35, 22 Aibreán 2006 (UTC)[reply]

Tá dhá 'Éíre' ann. Ba mhaith liom 'Éire (oileán)' a thabhairt ar an alt seo. Gheobhaidh daoine an t-alt seo fós má chuireann siad 'Éíre' isteach, agus beidh an t-alt faoin stát le fáil ar an leathanach 'Poblacht na hÉireann' fós. Ceart go leor? —Scríobh an t-úsáideoir MANGAIRE (plédréachtaí) an trácht roimhe seo, ach bhí síniú in easnamh.

A Footyfanatic, nach vicí neamhspleách í an vicipéid seo? Ní sclábhaithe wikipedia an Bhéarla muid agus ní gá cloí lena nósanna go léír! Cinneadh do lucht na vicipéide SEO atá ann. Má theastaíonn uait cloí le vicí éigin eile bheadh an ceann seo níos fearr dar liom: fr:Irlande! Ba mhaith liom ár dteideal nua a chur ar ais mura miste. Ach má tá fáth ann, scríobh teachtaireacht anseo ar an leathanach plé led' thoil.—Scríobh an t-úsáideoir Mangaire (plédréachtaí) an trácht roimhe seo, ach bhí síniú in easnamh.

Mise a bhí ann a GLopez :) Níl teachtaireacht ar bith scríofa ag Footyfanatic ar an leathanach plé fós! Ach táim sásta fanacht leis. Beidh seans aige freagra a scríobh agus fáth éigin níos fearr a lua: féachfaidh mé ar an leathanach seo amárach. Mangaire 17:38, 18 Lúnasa 2009 (UTC)[reply]

Bhuel, go macánta ní raibh na pointí thuasluaite léite agam roimhe seo. (Ní i gceart ar aon nós - mar cheapaim gur díospóireacht idir beirt a bhí ann :p ). Anyway, while I throw my hands up and apologise for thinking your were acting in an unheralded or improper way, and agree that we shouldn't blindly follow the EN project, ní aontaím le na hargóintí. Sea, tá an dá 'Éíre'eanna ann. Oileán agus stát. Ach, is é an toileán an príomh-téarma (dar liomsa). "Fréamh" d'ainm an stát atá ann (agus don stát féin), a bhfuil in úsáid i bhfad níos faide ná ainm an stáit. Mar sin, cheapaim go bhfuil an alt seo (an alt faoin oileán) ag an teideal ceart agus cuí anois. (But - if CON for a move is agreed by more than one user - ideally among the more established editors (gan stuaic ort Mangaire) then the mores of the project would suggest a move. Ach bog aontaobhach? Nope.) Guliolopez 21:57, 19 Lúnasa 2009 (UTC)[reply]

Gura míle as ucht freagra a scríobh chugam ar deireadh a GLopez. Mo chéad cheist: An mba cheart ceist a chur ar na heagarthóirí eile atá i gceist agat mar sin agus conas a dhéanfaimid é seo? Maidir le do thuairimi, is é an t-oileán a bheadh mar phriomhchiall an téarma fós! Dá gcuirfeadh úsáideoir "ÉIRE" isteach sa "bhosca cuardaigh" gheobhadh sé an t-alt faoin oileán. Mar sin, seo an dara ceist: cén fáth nach dtaitníonn an plean leat cé go mbeadh an t-oileán mar phríomhchiall fós? Mangaire 09:32, 28 Lúnasa 2009 (UTC)[reply]

Haigh, a Mhangaire. An fáth go ndearna mé athainmniú ar an leathanach ná go raibh díospóireacht ar siúl roimhe seo faoi ainm an leathanach, agus de bharr sin níl sé ceart an leathanach a athainmniú gan consensus a fháil ón phobail. Rinne mé an moladh chomh maith go n-úsáidimid an toradh ón vóta ar an vicí Béarla mar feiceann sé mar réiteach maith ar an bhfadhb. Ní chialaíonn sé sin gur sclábhaithe muide chuig Vicipéid an Bhéarla! Le dea-ghuí, Footyfanatic3000 12:29, 28 Lúnasa 2009 (UTC)[reply]
Ar ndóigh ba chóir é a bhogadh. Éire is ainm don stát. Cad é an pointe atá ag WikiGaeilge? Chun WikiEnglish a chóipeáil go simplí?