Piréis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Trádainm ar ghloine bhóraisileacáite le tiúchan ard silice inti, roinnt bóróin is roinnt alúmanaim. An-áisiúil sa cheimic mar gheall ar a neart mór meicniúil is a frithsheasmhacht i gcoinne alcailí láidre is aigéad láidir. Is áisiúil í sa bhfisic freisin, mar go bhfuil comhéifeacht íseal forbartha teirmí aici, agus mar sin bíonn sí frithsheasmhach i gcoinne croite theirmigh. Na hairíonna seo áisiúil ina húsáid fhorleathan sa chistin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Piréis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 520.