Piorána

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Piorána
Piranha Luc Viatour.jpg
Aicmiú eolaíoch
Ríocht: Animalia
Fíleam: Chordata
Aicme: Actinopterygii
Ord: Characiformes
Fine: Characidae

Tugtar pioránaí ar speicis éisc na fine Characidae, san ord Characiformes, agus iad an-choitianta in abhainní Mheiriceá Theas. Uiliteoirí iad go bunúsach, ach tá clú, nó míchlú, orthu ar fud an domhain mar fheoiliteoirí, nó tá fiacla géara acu, agus iad santach san fheoil, mar a chreidtear. Ón taobh eile de, maraítear cuid mhaith acu i Meiriceá Theas le haghaidh bia, agus na bundúchasaigh ag déanamh uirlisí as drandail na bpioránaí.

Go traidisiúnta, is iad na géinis Serrasalmus, Pygocentrus, Pygopristis, agus Pristobrycon a aithnítear mar phioránaí, ós is acusan atá na drandail tipiciúla. Ar chúiseanna bitheolaíochta agus géineolaíochta, áfach, glactar leis inniu gur chóir an géineas Pygopristis agus cuid den ghéineas Pristobrycon a fhágáil ar lár, sin nó an ceithre cinn agus an géineas Catoprion a chur san áireamh freisin.

Pé scéal é ní bhíonn na saineolaithe ar aon fhocal faoi cad is piorána ann, agus bíonn siad ag teacht trasna ar speicis nua ghaolmhara inniu féin. Is féidir go bhfuil trí scór speiceas éagsúil ann.

Ar ndóigh bíonn siad éagsúil ó thaobh na méide de chomh maith, ach go tipiciúil bíonn an piorána ó 15 go 26 ceintiméadar ar fad.

Bíonn páirt thábhachtach ag na pioránaí san éiceachóras agus iad ina gcreachadóirí agus ina scroblachóirí araon. Itheann siad síolta agus plandaí chomh maith le feoil, ach ní bhíonn mórán maithe iontu le síolta na bplandaí a dháileadh, nó bíonn an piorána ag mungailt na síolta chomh mion is nach dtéann aon cheann acu iomlán trí chóras díleáite an éisc.

Cé gur áibhéil agus dathadóireacht a bhíonn i gceist leis an gcuid is mó de na scéalta faoi na pioránaí a ionsaíonn agus a itheann daoine agus ainmhithe móra, bíonn priacail áirithe ag baint leis na pioránaí. Ábhar feirge agus frustrachais iad go minic do na hiascairí, nó bíonn siad ag déanamh dochair do na líonta, do na spiléid, do na doruithe agus don trealamh iascaireachta eile, ag baint a bplaiceanna féin as na héisc eile sna líonta agus ag goid na mbaoití. Thairis sin, is gnách leo greim a bhaint as an iascaire atá á marú. San áit a mbíonn na hiascairí ag gutáil a gcuid creiche agus ag caitheamh an mheanaigh san uisce, is féidir leis na pioránaí bheith dainséarach don té a chuireann lámh nó cos san uisce, agus iad ina thaithí gur bia é gach uile shórt a gheobhaidh siad rompu.