Pierre Louis Dulong

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí a rugadh i Rouen na Fraince ab ea Pierre Louis Dulong (1785-1838). Cáil ar leith air as dlí Dulong-Petit, a shaothraigh sé le Alexis Thérèse Petit (1791-1820), a leagann síos gaol idir saintoilleadh teasa dúile soladaí is a mais adamhach choibhneasta. Bealach luachmhar ab ea é seo chun luachanna garbha meáchain adamhaigh a aimsiú ag feadh 100 bliain nó mar sin.