Piaine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Luibh nó tom ilbhliantúil, dúchasach don Eoraip (an Ghréig go háirithe), an Áise is iarthar Mheiriceá Thuaidh. Na duilleoga roinnte ina nduilleoigíní maothánacha. Na bláthanna mór feiceálach, le dathanna ó bhán nó buí go dtí bándearg nó dearg, suas le 15 cm ar leithead le 5-10 peiteal is an iliomad staimíní. An-chuid cineálacha, hibridí is saghsanna saothraithe a fhástar mar mhaisiúchán.