Phillis Wheatley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPhillis Wheatley

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 1753
Senegambia Cuir in eagar ar Wikidata
Bás5 Nollaig 1784
30/31 bliana d'aois
Bostún, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisNeamhoird seoil
Áit adhlacthaCopp's Hill Burying Ground (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
ReiligiúnAn Eaglais Chomhthionólach
Áit chónaitheBostún
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1767 –
TeangachaBéarla, an Ghréigis agus an Laidin
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Síniú

Musicbrainz: 37e5bb92-ed05-43c2-a02b-e415c9e4f352 Discogs: 1928843 Find a Grave: 6643184 Cuir in eagar ar Wikidata

File Meiriceánach ab ea Phillis Wheatley (t. 17535 Nollaig 1784). An chéad duine Afrai-Mheiriceánach ar foilsíodh a saothar liteartha a bhí inti.

Rugadh Whearley timpeall na bliana 1753 san Afraic Thiar. Rinneadh sclábhaí di ina aois a 7 mbliana agus cuireadh go Meiriceá í. I mBostún, Massachusetts, cheannaigh ceannaí darbh ainm John Wheatley í mar shearbhónta dá bhean chéile. San áit agus san am úd ba ghnách sloinne a úinéara a thabhairt ar sclábhaí sa chás go raibh sloinne ag teastáil. Phillis a tugadh uirthi i mBéarla mar tugadh go Meiriceá í i long darbh ainm an Phillis.

Thug iníon an teaghlaigh ceachtanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta di. Nuair a thuig an teaghlach a chliste agus a bhí sí, tugadh tuilleadh oideachais di. Rinne sí staidéar ar an nGréigis agus Eabhrais.

Fuair sí a saoirse ar bhás John Wheatley. Phós sí agus rug sí leanbh. Cuireadh a fear céile, John Peters, i bpríosún de bharr a chuid fiacha. D'éirigh Phillis tinn agus John sa phríosún, agus d'éag sí. Fuair a leanbh bás trí huaire go leith ina dhiaidh sin.