Peter Stringer
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is imreoir rugbaí é Peter Stringer (rugadh 13 Nollaig 1977) a imríonn d'fhoireann rugbaí na Mumhan agus d'fhoireann rugbai na hÉireann. Tá cónaí air i gCorcaigh. Ba i gcoinne na hAlban a d'imir sé a chéad chluiche don fhoireann náisiúnta. Níl sé ró-ard, seasann sé ag 5'7". I gcluiche a d'imir sé i gcoinne na Breataine Bige fuair sé an scór deireanach a bhain an cluiche. Bhuaigh sé corn na hEorpa le Cúige Mumhan sna blianta 2006 agus 2008.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.