Peter Robinson
| Peter Robinson | |
|
|
|
| In oifig 5 Meitheamh 2008 - inniu |
|
| Réamhtheachtaí: | Ian Paisley |
| Comharba: | (i seilbh oifige) |
|
|
|
| In oifig 3 Bealtaine 1979 – 7 Bealtaine 2010 |
|
| Réamhtheachtaí: | William Craig |
| Comharba: | Naomi Long |
|
|
|
| Dáta breithe | 29 Nollaig 1948 |
| Béal Feirste | |
| Páirtí | Páirtí Aontachtach Daonlathach |
| Céile | Iris Robinson |
| Suíomh gréasáin | peterrobinson.org/ |
Polaiteoir Aontachtach de chuid an DUP i dTuaisceart Éireann é Peter Robinson. Is é an chéad aire reatha agus ceannaire an DUP é. Chaill sé a shuíochán Westminister sa bhliain 2010 agus tá amhras ann faoi na rólanna thuasluaite.
Rugadh i mBéal Feirste ar an 29 Mí na Nollag 1948 é. David McCrea Robinson agus Sheila Robinson a thuismitheoirí. D'fhreastail sé ar Annadale Grammar School (ar a dtugtar "Wellington College Belfast" anois). Tar éis dó an scoil a fhágáil d'fhreastail sé ar Castlereagh College (ar a dtugtar "Castlereagh Campus of Belfast Metropolitan College" anois). Thug sé seal mar ghníomhaí eastáit, agus ansin chuaigh sé leis an bpolaitíocht.
Ba é Robinson rúnaí ginearálta an DUP ó 1975 go 1979. I dtoghchán 1979 toghadh é mar MP i bParlaimint na Ríochta Aontaithe. Tháinig sé i gcomharbas ar Ian Paisley mar cheannaire an DUP agus mar Chéad Aire Thuaisceart Éireann sa bhliain 2008.