Pete Townshend

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pete Townshend ag seinm an ghiotáir le The Who sa bhliain 2007.

Ceoltóir Sasanach é Pete Townshend, nó Peter Dennis Blandford Townshend mar a saolaíodh é ar an 19 Bealtaine 1945 i gChiswick, Londain. Tá cáil mhór bainte amach ag Townshend agus a lán duaiseanna buaite aige mar ghiotáraí, cumadóir, amhránaí agus scríbhneoir. Ba leis an rac-bhanna Sasanach The Who a thuill sé an rath is mó atá aige, agus bhí an-tionchar aige leis a chuid oibre.

Cé gur aithnítear é go mór mar ghiotáraí, tá a lán uirlisí eile seinnte aige ar a chuid albam, mar shampla an méarchlár, na drumaí, an bainseo agus an dord-ghiotár.

Tagairtí[athraigh | edit source]