Peiptíd aitriach shóidiambhrostach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Peiptíd a aonraítear ó ghráinníní a fhaightear taobh istigh de chealla na matán in aitriamaí mamach áirithe (mar shampla, i bhfrancaigh is daoine). Coisceann an ceimiceán seo athionsú an tsóidiam ag fidíní na nduán, an tál reinin, is an hormóin antafhualaigh. Laghdaíonn sé brú na fola freisin. Is féidir go bhfeidhmíonn an pheiptíd seo mar hormón le ról i rialú an tsalainn is an uisce sa cholainn, agus rialú bhrú na fola.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Peiptíd aitriach shóidiambhrostach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 512.